Aguisín 2b: Grúpa Fócais – Achoimre

Achoimre ar an nGrúpa Fócais 19/5/2010

Ábhar Plé: an úsáid a bhaintear as acmhainní foclóireachta Gaeilge, tuairimí faoi na hacmhainní atá go maith agus na rudaí atá easnamhach iontu. An t-éileamh a d’fhéadfadh a bheith ann d’fhoclóir aonteangach. Cad iad na rudaí is tábhachtaí ar chóir a bheith ann?

Rannpháirtithe: triúr aistritheoirí agus oideachasóir amháin a raibh ardchumas agus ardscileanna Gaeilge acu go léir.  Ba chainteoirí dúchais iad triúr acu.

Ghlac an taighdeoir ról an éascaitheora. Cuireadh fáilte roimh gach duine agus gabhadh buíochas dóibh as ucht teacht chun bheith páirteach ann. Tugadh le fios go dtógfadh an grúpa fócais thart ar 90 nóiméad agus dáileadh amach bileog eolais do na rannpháirtithe (Aguisín 3b). Labhair an taighdeoir faoi ábhar an tráchtais agus Líonra Séimeantach na Gaeilge agus ansin ar ábhar plé an ghrúpa fócais. Míníodh na rialacha faoi Alt A ar an mbileog eolais agus dearbhaíodh go gcoinneofar gach eolas pearsanta faoi rún agus nach mbeadh aon ainm luaite le freagra nó tuairim ar bith. Leagadh béim freisin ar thábhacht an phlé oscailte idir dhaoine agus nach raibh aon tuairim ceart nó mícheart.

Cuid 1 – Acmhainní Foclóireachta – Úsáid Reatha

Pléadh ar dtús ar an úsáid reatha a bhaintear as acmhainní foclóireachta agus iarradh ar na rannpháirtithe a mheas cé acu de na hacmhainní foclóireachta ar bhain siad an úsáid is mó astú sa trí mhí atá thart.

Is iad seo a leanas na hacmhainní a luaigh an grúpa:

  • FGB
  • EID
  • An Foclóir Beag
  • Collins Pocket Irish Dictionary
  • http://www.focal.ie
  • http://www.achtanna.ie
  • WinGléacht
  • Foclóir an Duinnínigh
  • Foirision Focal as Gaillimh (de Bhaldraithe)
  • An Béal Beo (Tomás Ó Máille)
  • Liosta focail as Ros Muc

Díríodh isteach ansin ar an gcuardach dátheangach – focal Gaeilge ar fhocal Béarla, nó vice versa.

Duine C: tá EID as dáta agus go leor rudaí nua aimseartha ar iarraidh air ach fós féin tá sé úsáideach go maith agus murach é bheadh muid i sáinn go minic.

Mhol Duine A an saibhreas teanga atá in EID: “tá sé iontach le haghaidh rudaí a thabhairt chun cuimhne a bhí agam b’fhéidir blianta ó shin, nó le bealach eile le haghaidh rud éigin a rá’. Ceapadh go raibh an-tuiscint ag de Bhaldraithe ar an teanga agus ar rudaí a bhí saibhir sa chanúint. Rinneadh tagairt dá leabhar Foirision Focal as Gaillimh ina bhfuil go leor atá imithe as an gcaint ar nós ‘ag cribidáil’, ‘ag cailcéireacht’, agus eile. Rud eile atá go maith faoin EID, tugann sé comhthéacs an fhocail duit. Mar shampla an focal ‘fussy’ i mBéarla. Tugann sé (of person) – fuadrach agus eile, ansin (of dress) – triopallach agus eile, (as regards food) tugann sé an focal ‘éisealach’. Is maith liomsa é sin.

Mhol Duine C an tsimplíocht a úsáideann de Bhaldraithe – ‘seachnaíonn sé teibíocht an Bhéarla agus is Gaeilge an-nádúrtha atá ann’. Ceapadh go dtagann Foclóir Collins agus EID go maith le chéile ‘nuair nach féidir leat focal aimsiú i gceann amháin b’fhéidir go bhfaighidh tú é sa cheann eile’.

Bhí an grúpa ar fad ag súil go mór le teacht amach an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge.

Dúirt Duine B agus D dá mbeadh téarma teicniúil á lorg acu is ar focal.ie a théadh siad, ach i gcás gnáth-théarma Gaeilge bhainfeadh siad úsáid as WinGléacht agus FGB.

Cheap Duine C nach féidir idirdhealú chomh glan sin a dhéanamh idir Gaeilge theicniúil agus gnáth-théarma agus go rachadh siad ar an dá rud agus de Bhaldraithe freisin le breathnú an mbeadh blas níos dúchasaí aige ar an rud.

Bhí Duine D an-tógtha le Foclóir an Duinnínigh ó thaobh an saibhreas teanga atá ann agus go raibh sé úsáideach freisin mar go dtugann sé leid faoi leaganacha ó chanúintí éagsúla.

Cheap Duine A go raibh foclóir Uí Dhónaill go maith freisin le bheith cinnte faoi phointí gramadaí agus go raibh na habairtí samplacha a thug sé an-úsáideach.

D’iarr an t-éascaitheoir ar na rannpháirtithe cad a dhéanann siad nuair a bhíonn comhchiallaigh ar fhocail Ghaeilge á lorg acu chun athrá a sheachaint nó chun rud a rá ar bhealach eile.

DUINE C: Tá an Foclóir Beag an-chabhrach. Is féidir seifteanna eile a úsáid ar nós focal.ie nó foclóirí agus cros-seiceáil anonn is anall idir an dá theanga.

DUINE B: úsáidim féin WinGléacht sa chás sin. Cuirim isteach an Ghaeilge nó an Béarla agus tugann sé go leor roghanna ann. B’fhearr liom dul chuig Gléacht ná chuig focal.ie mar bíonn an teanga i bhfad níos simplí agus i bhfad níos nádúrtha.

DUINE A – Céard faoi sainteanga? Dá mbeifeá ag aistriú biachlár nó rud mar sin, caithfear dul ar focal.ie. Bíonn sé deacair focail áirithe a aimsiú sna foclóirí…sin í an teanga a bhíonn uaimse go minic, mar tá an teanga nádúrtha agam cheana féin.

Chuir an t-éascaitheoir in iúl gur bua mór é an teanga nádúrtha a bheith ag duine mar go raibh deacracht áirithe ag foghlaimeoirí na teanga teacht ar théarmaí Gaeilge (ar líne go háirithe) a bhain leis an saol pearsanta, na mothúcháin, friotal fileata etc.

DUINE D: Úsáidim EID, FGB, Ó Duinnín agus faighimse go bhfuil an Foclóir Beag an-mhaith mar tá rudaí níos nua aimseartha ná mar atá sna foclóirí eile. Cinnte tá géarghá le foclóir nua mar sin, ach ceapaim maidir le cén chaoi a ndéarfá rud éigin faoi na mothúcháin agus rud mar sin, feicim go bhfuil foclóir Uí Dhónaill an-mhaith go háirithe sna habairtí atá tugtha ann – gheofá go leor rudaí atá uait ansin ach bíonn sé deacair duit scaití teacht ar an abairt ag an am.

DUINE B: tuigim an rud a bhí á rá ag DUINE D ansin faoin deacracht teacht ar an abairt. Téann tú isteach san fhoclóir agus bíonn na habairtí ann ach bíonn ort b’fhéidir deich bhfocal a chuardach sula bhfaighidh tú an abairt ceart. Dá mbeadh fáil éasca orthu go leictreonach, bheadh sé go maith. Dá gcuirfinn isteach an focal ‘áthas’ mar shampla agus dá dtiocfadh torthaí agus abairt samplacha suas air sin.

DUINE C: Dá mbeadh leagan PDF inchuardaithe d’Ó Dónaill b’fhéidir.

DUINE B: Sea, mar chuile rud atá ar fail in Ó Dónaill, níl sé ar fail i nGléacht.

DUINE C, Níl na habairtí ann agus sin an áit ina bhfuil an saibhreas is dóigh.

An tÉascaitheoir: Bhuel mar achoimre ar an méid a phléimid go dtí seo feicim, (gan an bunachar téarmaíochta focal.ie a chur san áireamh), go bhfuil meas áirithe tugtha ag DUINE C agus DUINE A ar de Bhaldraithe, agus DUINE B agus DUINE D, is maith libhse úsáid a bhaint as WinGléacht.

DUINE A: Is breá liomsa de Bhaldraithe mar thug sé leis caint na ndaoine.

DUINE C: Is dóigh gur bhailigh sé an chuid is mó dá ábhar sa taobh seo tíre i.e. Gaeilge Chonamara. B’fhéidir nach mbeadh daoine le canúintí eile chomh tógtha le de Bhaldraithe!

Cuid 2 – Foclóirí Aonteangacha

D’iarr an t-éascaitheoir ar na rannpháirtithe a dtuairimí a chur in iúl maidir le foclóirí aonteangacha agus tosú leis an úsáid a bhain siad as foclóir aonteangach Béarla ar dtús:

Dúirt Duine A gur breá leo úsáid a bhaint as teasáras Béarla le haghaidh tuilleadh a chur lena stór focal.

D’aontaigh gach duine gur bhain siad úsáid as foclóir lánBhéarla go minic ina gcuid oibre.

Dúirt Duine C gur baineadh leas as an gceadúnas ollscoile don Oxford English Dictionary, go raibh sé go maith agus gurb é an ceann is údarásaí atá ann.

Díríodh isteach ansin ar cheist an fhoclóra lánGhaeilge.

DUINE C: Níl taithí againn air, seachas ar an bhFoclóir Beag. Feicim an tionchar atá an Béarla ag imirt ar an nGaeilge mar go bhfuil daoine ag dul go na foclóirí Béarla-Gaeilge, smaoineamh trí Bhéarla agus tagairt do shaol an Bhéarla, tá rialú ann. Beidh tionchar Béarla i gcónaí ar an nGaeilge is dóigh, is cuma céard a tharlódh ach muid ag iarraidh é a mhaolú. Ach b’fhéidir go gcuideodh foclóir lánGhaeilge le cuid den dúchas na teanga atá, nó a bhí ann, a thabhairt ar ais. É sin agus bealaí éagsúla eile a imreodh tionchar ar an bpobal leathan de réir a chéile. Ach is próiseas fada a bheadh ann i mo thuairimse.

Luaigh an t-éascaitheoir go raibh an dáta 2037 curtha le teacht amach an fhoclóra stairiúil de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann.

DUINE C: Bhuel sílim go bhféadfaí an foclóir beag a leathnú, ní dóigh liom go dtógfadh sin tríocha bliain orainn. Is dóigh go bhfuil na focail is tábhachtaí ins an bhfoclóir cheana féin. Dá bhféadfaí leagan níos mó a dhéanamh de mar rud leanúnach, b’fhéidir go bhféadfaí cur leis an leagan leictreonach.

DUINE B: meas tú cén fáth ar cuireadh stop leis? Rinneadh mé iarracht teagmháil a dhéanamh leo anuraidh ach níl aon duine i gceannas air níos mó.

DUINE D: Sílim go bhfuil tábhacht ag baint le foclóir mór lánGhaeilge a bheith ann ach ní bheadh sé in úsáid ach ag na daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu cheana féin. Faoi láthair tá béim curtha ar an teanga a fhoghlaim. Cinnte teastaíonn foclóir mar seo uainne, ach níl a fhios agam faoin gcaoi a mbeadh sé leis an dream atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim.

DUINE C: Is dóigh go mbaineann sé le gradam na teanga chomh maith, nach bhfuil a leithéid ag an nGaeilge. Agus an dream a bhíonn ag déanamh beag is fiú don teanga is argóint é dóibh siúd nuair atá said ag iarraidh caitheamh anuas ar an teanga – níl fiú amháin foclóir Gaeilge-Gaeilge agaibh.

DUINE A: Agus ceapann said nach bhfuil aon sofaisticiúlacht ag baint leis an teanga ansin, nach féidir cur síos a dhéanamh ar rudaí áirithe. Sin a cheapann go leor daoine toisc foclóir beag atá ann faoi láthair, nach ea. Cé go bhfuil saibhreas iontach sa teanga agus tá sin ag dul i ndearmad, mar buanú é an scríobh nach ea.

An tÉascaitheoir: mar achoimre ar an méid sin an bhfuil an ceart agam a rá go gceapann sibh go ginearálta:

  • go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh foclóir lánGhaeilge ann ó thaobh dúchas na teanga a choinneáil nó a thabhairt ar ais, agus ó thaobh gradam na teanga chomh maith.
  • nach mbeadh foclóir aonteangach ró-oiriúnach ach d’fhoghlaimeoirí a raibh leibhéal ard bainte amach acu sa teanga, agus gur líon sách beag de dhaoine a bhainfeadh úsáid as.

DUINE B: Bhuel fiú foghlaimeoirí an Bhéarla, is minic a bheadh foclóir Béarla-Béarla acu. Braithim go bhfuil foclóir Gaeilge ag teastáil cinnte do dhaoine atá ag múineadh na Gaeilge.

DUINE C: Fiú d’fhoghlaimeoirí dá mbeadh said ag iarraidh tabhairt faoin tumoideachas ceart, bheadh sé go maith dóibh.

D’iarr an t-éascaitheoir ar na rannpháirtithe plé a dhéanamh ar an taithí ata acu leis na hacmhainní aonteangacha Gaeilge atá ann, mar shampla dá mbeadh siad ag cuardach focal áirithe san Fhoclóir Beag agus ní raibh sé ann.

DUINE C: Is dóigh go mbraitheann sé ar an úsáid atá tú ag iarraidh a bhaint as. Má tá tú ag lorg míniú ar fhocal, tá tú i sáinn nó caithfidh tú míniú a fháil i d’intinn féin, nó míniú a fháil i mBéarla agus é a aistriú. Más ag iarraidh focal comhchiallach ar mhaithe le stíl agus mar sin de is dóigh go bhfuil seifteanna eile le teacht air.

D’aontaigh na rannpháirtithe eile leis sin agus ní raibh mórán eile le rá acu faoina dtaithí ar acmhainní aonteangacha, mar níl ann ach an bhFoclóir Beag, atá teoranta go maith. Mura bhfuil an focal atá a lorg acu ann, bíonn orthu plé le seifteanna éagsúla i measc na hacmhainní dátheangacha chun teacht ar mhalairt focail nó bealach eile chun rud a rá i nGaeilge.

Bheartaigh an t-éascaitheoir níos mó plé a stiúradh ar an bpointe deiridh a rinne Duine B maidir le riachtanais múinteoirí agus foclóir lánGhaeilge. Luaigh an t-éascaitheoir cás mhúinteoir bunscoile a raibh deacracht aige míniú trí Ghaeilge a thabhairt sa seomra ranga ar na focail aisteacha chasta a bhíonn sna téacsleabhair eolaíochta. Spreag sé sin cuimhne grinn i rannpháirtí amháin – cainteoir dúchais a fuair oideachas lánGhaelach sa Ghaeltacht. Dúirt siad ‘Is cuimhin liom féin an leabhar eolaíochta a bhí againn sa scoil. Bhí leabhar i nGaeilge agus i mBéarla ann. Agus bhíomar uile ag iarraidh an leabhar Béarla mar ní rabhamar in ann an leabhar Gaeilge a thuiscint’.

Bhí scéal eile ag Duine B a bhain le téarmaíocht sa chóras oideachais.

DUINE B: Agus mé ag aistriú cuid de leabhar ceoil don chéad bhliain sa mheánscoil, bhí mé ag caint le múinteoir agus dúirt sí gur úsáid siad an téarmaíocht atá molta ag an gCoiste Téarmaíochta – an Foclóir Ceoil sin atá foilsithe.  Sin go breá.  Ach dúirt sí cibé duine atá i gceannas sa Roinn Oideachais, na haistritheoirí sin, cuireann said a leaganacha féin ann agus ní bhacann said leis an bhFoclóir Ceoil ar chor ar bith. Téann na gasúr isteach ag an scrúdú agus níl said in ann an teist sin a thuiscint roimh an téarmaíocht iomlán eile in úsáid sna scrúduithe. Bíonn orthu an scrúdú a dhéanamh as Béarla. Tarlaíonn sé sin go minic dúirt sí liom. Cé go bhfuil na hacmhainní agus an téarmaíocht ann, níl na haistritheoirí atá ag an Roinn ag baint úsáid as. Níl a fhios agam cén fáth, tá sé éasca go leor dul go dtí an Foclóir Ceoil agus rud a aistriú leis an téarmaíocht céanna.

DUINE A: Cheap mé go raibh rudaí feabhsaithe ó shin leis an eagraíocht COGG, go ndearna siadsan go leor oibre sa treo sin.

DUINE D: Tá anois ceapaim. Ach is cuimhin liom cé chomh casta is a bhí na focail sna leabhair eolaíochta agus tíreolaíochta. In áit díriú isteach ar an aistriúchán bunaithe ar an míniú, d’aistrigh said díreach iad agus ní raibh aon chiall leis. ‘greenhouse gases’ abair, agus duine ag moladh ‘gáis an tí gloine’ a chur ann. D’fhéadfaí aistriúchán i bhfad níos fearr agus sothuigthe a dhéanamh ach ní dhearnadh sin.

DUINE C: Tá go leor téarmaí nuachumtha ag na meáin freisin – téarmaí a bheadh aisteach, ach má chloiseann tu iad deich n-uaire i rith na seachtaine ar RnaG agus an bhrí cheart ceangailte air, bhuel tar éis seachtaine bheadh sé inghlactha. Ceapaim go bhfuil ról an-tábhachtach ag na meáin, TG4 agus Raidió na Gaeltachta, maidir le téarmaíocht a chur i mbéal daoine.

DUINE B: Abair an focal ar ‘recession’, tá an oiread sin leaganacha air sin. Cloistear ar RnaG ‘lagtrá eacnamaíochta’ den chuid is mó, ach uaireanta eile is ‘cúlú eacnamaíochta’ a thugann siad air.

An t-éascaitheoir: An féidir a rá gur rud maith é b’fhéidir go bhfuil níos mó ná bealach amháin le rud a rá, agus go bhfuil téarmaí éagsúla don rud céanna – gur cineál saibhreas teanga é sin.

DUINE A: Sea, agus ceapaim tá sé suimiúil an rud a dúirt Duine C faoi na meáin. An cuimhin leat an téarma sin ‘sólaistí’ a bhí thart le linn laethanta an Thíogair Cheiltigh. Ní focal é a raibh coitianta i gConamara ar chor ar bith ach bhí Máirtín Jamesy, duine de na cainteoirí breátha ar RnaG, bhí sé ar clár na bhFógraí, agus i gcónaí bhí sé ag baint cineál faid as an bhfrása sin “agus beidh sólaistí ann”. Agus bhí chuile duine sa Mháimín agus i dTír an Fhia – taitníonn Máirtín Jamesy chomh mór leo – agus sa deireadh bhíodh said ag rá rudaí mar “Bhfuil tú ag dul amach anocht?” ‘An mbeidh “sólaistí” ann?’ Na seanleaids a bhí ceithre scór, bhí siad ag lorg “sólaistí”! Ar bhealach dá mbeadh Máirtín Jamesy ag rá “refreshments”, sin an rud a bheadh siadsan ag rá freisin. Tá sé tábhachtach, an rud atá le cloisteáil chomh nádúrtha sin ag an gcainteoir maith go dtosaíonn sin rudaí idir na ghnáthdhaoine, nach ea.

An tÉascaitheoir: Is comhartha maith é gur teanga beo atá ann is dóigh, nuair a thagann focail áirithe i bhfaisean ar feadh tréimhse agus ansin téann siad as faisean.

Cuid 3 – Tréithe a bhaineann le foclóir maith aonteangach.

D’iarr an tÉascaitheoir ar na rannpháirtithe plé a dhéanamh ar na rudaí tábhachtacha ar mhian leo a bheith ann dá dtabharfaí faoi foclóir nua aonteangach a chur ar fáil don phobal. Is iad seo a leanas na tréithe a mhol siad:

  • Áis a bheadh cuid mhaith níos mó ná an Foclóir Beag
  • Stiúrthóireacht agus bainistíocht cheart ar an tionscadal
  • Cruinneas agus ardchaighdeán ag baint leis
  • Míniú soiléir ar an bhfocal agus na bríonna éagsúla atá leis
  • Comhthéacs tugtha le habairtí samplacha
  • Idirdhealú idir chanúintí éagsúla curtha san áireamh
  • Leagan leictreonach curtha ar fáil (feabhsaithe agus nuashonraithe go rialta)
  • Foirm leabhair curtha ar fáil (á thabhairt cothrom le dáta in eagrán leasaithe ar bhonn cúig bliana nó rud mar sin)
  • Áis atá éasca le húsáid
  • Comhéadan tarraingteach d’úsáideoirí atá mealltach don tsúil

Le linn an phlé, bhí tuairimí ar leith curtha in iúl:

Dar le Duine B ‘is mór an peaca nach bhfuil siad ag feabhsú an rud atá ann – an Foclóir Beag’.

Ag caint ar fhoclóir nua aonteangach a thosú dúirt Duine C:

DUINE C: B’fhearr liom gan a bheith róuaillmhianach amach is amach ag an tús, ach go gcuirfí rud atá níos fearr (ná an Foclóir Beag) ar fáil taobh istigh de dhá bhliain seachas a bheith ag caitheamh tríocha bliain ar rud foirfe. Agus bheadh tú in ann cur leis de réir a chéile.

DUINE D: Is é an rud a dhéanann focal.ie. Cuireann siad leis de réir a chéile. Abair, bíonn siad ag cuir téarmaí leis chuile lá. Nach bhféadfaí an rud céanna a dhéanamh leis seo. É a thosaigh suas, cé go mbeadh sé beag ar dtús, ach focail a chur leis de réir a chéile.

Bhí imní áirithe ag daoine faoin stiúrthóireacht ar thionscadal foclóireachta nach raibh ‘stádas oifigiúil’ air:

DUINE D: Bhí tú ag rá ag an tús gur obair dheonach a bheadh i gceist leis an bhfoclóir seo i Líonra Séimeantach na Gaeilge. Dá ndéanfaí é sa chaoi sin bheadh sé ar nós Vicipéide. D’fheadfaí duine ar bith tosú foclóir amárach ar an idirlíon, ar nós Vicipéide agus á rá le daoine, rud ar bith atá agaibh le cur air, cur air é. Ní gá gur drochsmaoineamh a bheith ann, ach caithfear duine éigin a bheith ann chun súil a chaitheamh ar an méid atá caite isteach ann. D’fhéadfaí go leor ann a bheith ceart, ach go leor mícheart freisin.

An tÉascaitheoir: Ní bheadh an modh oibre chomh scaoilte sin agus atá Vicipéide. Bheadh foireann aistritheoirí ag seiceáil an obair a dhéanfadh daoine go deonach. Ach tuigim cad atá tú ag rá. Tá an cruinneas fíor-thábhachtach. Tá Líonra Séimeantach na Gaeilge difriúil sa mhéid go bhfuil go leor obair déanta air cheana féin. Mar shampla, baineadh úsáid as corpas chun é a thógáil agus tá breis is 36,000 iontráil sa bhunachar sonraí. Ta an creatlach oibre á oibriú amach anois le haghaidh sainmhínithe agus samplaí úsáide a chur leis na ceannfhocail atá ann.

Cuid 4 – An bhfuil gá le hacmhainní lánGhaeilge?

D’iarr an t-éascaitheoir ar na rannpháirtithe a dtuairimí a chur in iúl maidir leis an ngá le hacmhainní aonteangacha. Mar shampla an bhféadfadh siad cur le scileanna teanga ar bhealach éifeachtach.

DUINE C: B’fhéidir go bhfuil comhthéacs eile i gceist chomh maith, abair táimid ag caint faoi na foghlaimeoirí agus fiú amháin cás na Gaeltachta. Deir go leor daoine, agus saineolaithe, go bhfuil an córas oideachais dírithe ar, sa Ghaeltacht féin ar dream atá tagtha isteach sa chóras gan mórán Gaeilge acu sa mbaile. Dá mbeadh a leithéidí d’acmhainn mar seo ar fáil b’fhéidir go gcuideodh sé an dream atá ag tógáil clann le Gaeilge sa mbaile, gur áis bheag chabhrach a bheadh ann a chuideodh leo.

DUINE B: Chuirfeadh se feabhas mór ar a chuid Gaeilge, is dóigh. Dá mbeadh tú ag déanamh crosfhocail freisin, bheadh a leithéid thar cionn!

DUINE D: Chuirfeadh sé le scileanna maithe alright ach, déan cinnte go mbeidh an méid a bheith ann foirfe, bhfuil a fhios agat.

An tÉascaitheoir: An gceapann sibh go bhféadfadh foclóir aonteangach mórán ama a shábháil sa saol oibre?

DUINE B: Cinnte, ó thaobh comhchiallaigh agus mínithe a aimsiú ar fhocail Ghaeilge.

DUINE C: Níl a fhios agam an sábhálfadh sé an t-uafás ama i ndáiríre don aistritheoir. B’fhéidir go mbeadh caighdeán na hoibre níos fearr ach ó thaobh ama níl me cinnte.

DUINE D: Ní cheapfainn go sábhálfadh sé mórán ama, ach fós b’fhiú é a bheith ann.

DUINE A: Ní dóigh liom go shábhálfadh é ama, ach is dóigh go mbeadh an caighdeán oibre níos airde, agus bheadh sé sin tábhachtach nach mbeadh.

An tÉascaitheoir: Dealraíonn sé gurb iad na cainteoirí dúchais nach gceapann go sábhálfaí aon ama. An ea go bhfuil sibhse in ann smaoineamh ar bhealach eile chun rud a rá ar an toirt, gan a bheith ag brath ar fhoclóir aonteangach ar chor ar bith?

DUINE A: Ach níl i ndáiríre. Nuair a gcaithfear plé a dhéanamh ar ábhar ar leith, theastódh uaimse suí síos agus an téarmaíocht uile a fhoghlaim

DUINE D: Tá faisean agamsa, má bhíonn focal amháin agamsa ar rud, sin é an focal a úsáidim i gcónaí.

DUINE A: Ach céard faoi focail nua a thagann chun cinn i mBéarla, cúrsaí timpeallachta agus eile. An gcuimhin leat an clár teilifíse ‘An Teach Glas’ ar TG4. Bítear ag caint go minic sa Ghaeltacht ar an tógáil agus tá teanga an-láidir againn ó thaobh na tógála de. Ach sa chlár sin bhí go leor téarmaí Béarla acu.

DUINE D: Ach rud ar bith nua mar sin, níl aon Gaeilge againn air – focal Béarla atá ann.

DUINE A Ach cén fáth a bhfuilimid sásta an focal Béarla a úsáid, mar ní raibh sé againn i mBéarla ná Gaeilge roimhe?

DUINE D: Ach nuair a thagann sé amach ar dtús, níl ach an leagan Béarla ann,

DUINE B: Bathroom, fridge, bicycle agus focail mar sin.

DUINE C: Is dóigh mar is daoine dátheangacha muid ar fad, agus is é an chéad focal a chloisimid i gceachtar teanga, glacaimid leis. Mar sin, tá sé an- tábhachtach go mbeadh an nuathéarmaíocht Ghaeilge ag teacht amach agus á scaipeadh go sciobtha. Abair, bainimid ar fad úsáid as ‘ríomhphost’ anois gan cuimhneamh air fiú amháin. Sin rud nach raibh ann scór bliain ó shin agus tá sé in úsáid go fairsing anois tríd an idirlíon agus sna meáin.

DUINE B: ‘Ríomhaire’ freisin – ní chloiseann tú ‘computer’

DUINE D: Bhí mé ag caint le bean an lá cheana, bhí sí os cionn ceithre scór agus thosaíomar ag caint faoi na téarmaí seo agus dúirt sí “céard atá sa scéal leis an fridge. Cuisneoir? – cén bhaint atá ag fridge le cos a dúirt sí – cheap sí gur ‘Cosneoir’ a bhí ann! Dúirt sí fadó, nuair a tháinig rud nua isteach ní raibh am acu le haghaidh focail a chumadh. ‘Fridge’ a tugadh air ag an bhfear a thug isteach sa teach é, agus fridge atá air ó shin. Is dóigh go b’shin é – cleachtadh uile ar chíbe an chéad téarma a dtugtar ar rud.

DUINE A: Agus ansin bíonn leisce ar dhaoine, nach mbíonn – an rud ceart a úsáid. Mar shampla tá aithne agam ar dhuine agus deir sé “Mar a deir na Gaeilgeoirí móra – an bhfuil tú ag iarraidh ar mo ríomhaire sin a chasadh as?” Tugann sé le fios nach ndéarfadh sé féin a leithéid riamh, tá an rud Gaeltachta sin, nach ea?

DUINE D; Meas tú sórt náire atá ann.

DUINE A: Oh sea, go mbaineann sé le daoine ardnósacha.

DUINE C: Ach cuirfidh mé geall, an duine sin, dá mbeadh sé faoi agallamh ar TG4 abair, bhainfeadh se úsáid as an téarma nua sin, mar bheadh sé ar ardán eile.

An tÉascaitheoir: Tá sé suimiúil an chaoi a nglactar le téarmaí áirithe agus ní ghlactar le téarmaí eile i measc cainteoirí dúchais na Gaeltachta.

Bhí plé bríomhar ansin ar théarmaí atá in úsáid go coitianta inniu agus le fada cé nach bhfuil siad le feiceáil i bhfoclóirí. Ceapadh go ndearna na foclóirithe neamhaird ar chuid acu mar bhéarlagair. Tugtar samplaí: ‘cuireann sé ‘sylum’ mé; tá ‘spite feamainne’ eatarthu, agus eile. Dar le Duine A, ba bhreá leo dá nglacfaí le téarmaí mar sin ata sa chaint i bhfoclóir nua lánGhaeilge. Bhí plé ansin ar an leabhar a scríobh Daniel Cassidy “How the Irish Invented Slang”.

Dúirt Duine D go raibh saibhreas teanga iontach ar fáil sna hamhráin freisin agus b’fhiú leas a bhaint as an oiread ábhar difriúil atá iontu agus an comhthéacs a thugann siad d’fhocail ar bhealach an-deas.

D’iarr an t-éascaitheoir ar na rannpháirtithe a dtuairimí a chur in iúl maidir le haon phráinn atá le foclóir lánGhaeilge a bheith ar fáil, nó an raibh sé sásúil go bhfanfaí mar atá go dtí teacht amach an fhoclóra stairiúil thart ar 2037.

Dar le Duine D agus B, bheadh foclóir nua ag teastáil i bhfad níos luaithe na 2037.

DUINE A: Tá práinn leis, mar táimid ag rá go mb’fhéidir seo an ghlúin dheireanach de chainteoirí dúchais, tá sé an-tábhachtach.

DUINE C: Thabharfainn tús áit ag an bhFoclóir nua Béarla Gaeilge, ós é an stát atá chun an foclóir a chur amach – é seo a chríochnú ar dtús, sílim.

CRÍOCH

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s