1.4 Gá leis an Taighde

‘Tá an t-aistritheoir Gaeilge ar bheagán cabhrach maidir le focail chomhchiallacha a aimsiú sa teanga. Ba mhór an cuidiú, Foclóir Gaeilge-Gaeilge a bheith ann.’ (Oideas, acmhainn.ie Aibreán 2003)

Le blianta beaga anuas tá sár-obair déanta ag an gCoiste Téarmaíochta maidir le téarmaíocht Ghaeilge a chur ar fáil i réimsí dlí, oideachais, gnó, eolaíochta agus teicneolaíochta. Ach aon duine a bhíonn ag plé le scríbhneoireacht chruthaitheach, ag cuardach comhchiallaigh, frithchiallaigh, meafair nó focail fhileata a bhaineann le mothúcháin is beag cabhrach a bhíonn le fáil acu ó na foinsí ar líne. In Corpus Planning for Irish – Dictionaries and Terminology, measann Caoilfhionn Nic Pháidín nach féidir le háiseanna téarmaíochta ar nós focal.ie a bheith ar aon chéim le foclóir ceart, rud atá ag teastáil go géar ó scríbhneoirí agus ó fhoghlaimeoirí na Gaeilge.

‘If learners and writers are restricted in their searches to terminological words and phrases, opportunities for enrichment of expression may be seriously curtailed’. (Nic Pháidín 2008:106)

Luann sí nach iad na saintéarmaí a bhfuil an tóir is mó orthu i mbosca cuardaigh focal.ie ach gurb iad na focail a d’fhéadfaí a aistriú ar bhealaí éagsúla ag brath ar an gcomhthéacs a bhfuil daoine ag déanamh cuardaigh orthu den chuid is mó. (ibid).

Táthar ag súil go dtabharfadh an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge (FNBG) réiteach éigin ar an scéal nuair a thiocfaidh sé amach in 2012, ach beidh príomhbhuntáiste an fhoclóra aonteangach in easnamh ann i.e. an meon agus an smaointeoireacht leanúnach a bhaineann le cúrsaí a phlé trí Ghaeilge amháin. Ní bheidh feidhm teasárais san fhoclóir nua Béarla-Gaeilge agus ní bhfaighfear sainmhínithe Gaeilge ar fhocail Ghaeilge ach an oiread.

Measann an taighdeoir go bhfuil gá leis an taighde seo a dhéanamh ar na fáthanna seo a leanas:

  • Chun an t-éileamh a d’fhéadfadh a bheith ar theasáras nó ar fhoclóir mór lánGhaeilge a mheas.
  • féachaint an féidir le Líonra Séimeantach na Gaeilge freastal ar éileamh a d’fhéadfadh a bheith ann agus ról tábhachtach a imirt maidir le cailleadh fearainn a laghdú.
  • Is uirlis thábhachtach í líonra séimeantach i réimse na ríomhtheangeolaíochta mar is féidir é a úsáid i raon leathan feidhmchlár a bhaineann le Próiseáil Teangacha Nádúrtha. Chuideodh sé le torthaí níos sásúla a bhaint as feidhmchláir intleachta saorga agus áiseanna nua teicneolaíochta a fhorbairt don Ghaeilge sa todhchaí.
  • Ós rud é gur teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge, bheadh sé tábhachtach go ndéanfaí forbairt ar Líonra Séimeantach na Gaeilge le go mbeifear ar aon chéim le teangacha Eorpacha eile. Ní mór don Ghaeilge coinneáil leis an bhforbairt atá ar bun faoi láthair ar líonraí séimeantacha i dteangacha éagsúla ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain.
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s