1.5 Cuspóirí an Taighde

Is iad seo a leanas na cuspóirí atá agam leis an taighde seo:

  • Aistriúchán 2,500 focal a dhéanamh ar ghluaiseanna Béarla ó Princeton Wordnet® a chuirfear le tionscadal Líonra Séimeantach na Gaeilge. Déanfar tráchtaireacht ar an obair aistriúcháin agus pléifear an cur chuige agus ceisteanna séimeantacha na Gaeilge a thagann chun cinn.
  • Léirmheas a thabhairt ar thaighde déanta ar acmhainní foclóireachta, go háirithe ó thosaíodh leas a bhaint as an nuatheicneolaíocht.
  • Taighde a chíoradh ar úsáid na bhfoclóirí aonteangacha.
  • Eolas a fháil air a bhfuil beartaithe do Líonra Séimeantach na Gaeilge amach anseo.
  • Taighde a dhéanamh ar an líonra séimeantach Princeton Wordnet® agus ar an tábhacht atá leis mar mhúnla do líonraí séimeantacha atá á bhforbairt i dteangacha éagsúla ar fud an domhain.
  • Féachaint ar Líonra Séimeantach na Gaeilge mar uirlis a d’fhéadfadh teasáras agus foclóir mór lánGhaeilge a chur ar fáil go héifeachtach.
  • Taighde cáilíochtúil agus cainníochtúil a dhéanamh ar na hacmhainní teanga a úsáidtear agus a theastaíonn ó phobal na Gaeilge. Déantar é seo trí shuirbhé a dhéanamh le daoine a bhíonn ag scríobh as Gaeilge go rialta, trí ghrúpa fócais a reáchtáil le haistritheoirí agus teagascóir Gaeilge, agus trí agallamh a dhéanamh le Kevin Scannell faoin obair atá ar bun aige le Líonra Séimeantach na Gaeilge i láthair na huaire.
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s