1.1 Ábhar an Tráchtais

Is minic a bhíonn an scríbhneoir Gaeilge ag cuardach téarmaí in nGaeilge atá comhchiallach nó a bhfuil gaol acu lena chéile: chun an t-athrá a sheachaint in aon abairt amháin, chun réim na teanga a athrú de réir comhthéacs, chun úsáid shamhlaíoch a bhaint as saibhreas na teanga, nó fiú chun rud chomh simplí le focal Gaeilge a mhíniú agus a phlé le duine eile trí mheán na Gaeilge. Faightear cúnamh dátheangach ó phríomhfhoclóirí Uí Dhónaill, de Bhaldraithe, an Duinnínigh agus ó áiseanna leictreonacha cosúil le focal.ie, acmhainn.ie, irishdictionary.ie, an foclóir comhoibritheach focloirgaeilge.ie agus araile. Ach toisc gur foinsí dátheangacha iad siúd uile bítear i gcónaí ag oiriúnú smaointe idir an Ghaeilge agus an Béarla nuair a bhaintear úsáid astu. Beidh an scéal céanna leis an bhFoclóir nua Béarla-Gaeilge atá á fhorbairt ag Foras na Gaeilge agus a bhfuiltear ag súil é a bheith i gcrích faoi dheireadh 2012.

Is é An Foclóir Beag an t-aon áis leictreonach atá lánGhaeilge agus ar féidir brath air mar theasáras agus foclóir aonteangach. Is cosúil é agus a leagan clóite, An Foclóir Beag Gaeilge-Gaeilge a d’fhoilsigh an Gúm i 1991 beagnach fiche bliain ó shin, ach go bhfuil tuilleadh eolais ar fáil ar an ngramadach ar an leagan ar líne. Leabhar aonteangach eile a bhfuil saibhreas teanga iontach ann, agus a nascann focail agus coincheapa laistigh den teanga féin, is ea an foclóir analógach Gaoth an Fhocail. Is saothair inmholta iad seo araon, ach ní féidir a shéanadh go bhfuil siad sean go leor agus sách teoranta ó thaobh líon na gceannfhocal iontu. Tá áiseanna aonteangacha thar a bheith forbartha le fáil i dteangacha eile. Ba cheart, mar sin, go mbeadh an áis chéanna ag scríbhneoir i réimse na Gaeilge. Meastar go mbeidh sé 2037 ar a luaithe sula gcuirfear críoch le Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge, atá faoi chúram Acadamh Ríoga na hÉireann. (An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, 2009). Réiteach ar an mbearna idir na foclóirí Gaeilge-Gaeilge sin, b’fhéidir, is ea tionscadal Líonra Séimeantach na Gaeilge (‘LSG’ mar ghiorrúchán, nó, as Béarla, The Irish Language Semantic Network) – teasáras leictreonach Gaeilge as a bhféadfadh foclóir mór Gaeilge-Gaeilge teacht, agus é sin i bhfad níos luaithe ná 2037. Tapaítear an deis taighde a dhéanamh air don tráchtas seo agus a bheith mar aistritheoir foirne ar thionscadal LSG faoi stiúir Kevin Scannell, Ollscoil St. Louis, Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Sa chaibidil seo mínítear an fáth go bhfuil suim ag an taighdeoir aistriúchán a dhéanamh don tionscadal agus taighde a dhéanamh air.  Pléitear ceisteanna taighde a fhéachann an bhfuil bearna ann ar féidir Líonra Séimeantach na Gaeilge a líonadh, má bhíonn a leithéid de riachtanas ann. Liostaítear na fáthanna go bhfuil gá leis an taighde seo sula ndéantar cur síos ar chuspóirí an taighde. Déantar cur síos ar na modhanna taighde a bheidh in úsáid don taighde. Léirítear leagan amach an tráchtais agus cuirtear imlíne na gcaibidlí os comhair an léitheora. Déantar achoimre ansin ar phríomhphointí Chaibidil 1.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s