5.3 Teoiric an Aistriúcháin

Is iomaí teoiric aistriúcháin atá ann ó tháinig an focal scríofa ar domhan ach is é an coincheap lárnach i ngach ceann acu ná an choibhéis. Nuair a dhéantar comparáid idir buntéacs agus a leagan aistrithe caithfear déileáil le teoiric na coibhéise. I dtéarmaí aistriúcháin, ciallaíonn coibhéis an speictream inar féidir breathnú ar an méid atá an t-aistriúchán dílis don bhuntéacs ó thaobh focal, gramadaí, stíle, coincheapa cultúrtha agus araile. Sa chaibidil seo roghnaigh mé plé a dhéanamh ar thuairimí Nida, Venuti agus Jakobsen faoi. Fuair mé treoir an-chabhrach uathu maidir le cur chuige a bheadh oiriúnach le húsáid don tasc aistriúcháin idir lámha, agus rinne mé iarracht cuid dá gcuid smaointeoireachta a chur i bhfeidhm ann. Scríobh Eugene Nida faoi dhá choincheap ar a dtugtar coibhéis fhoirmiúil agus coibhéis dhinimiciúil ina leabhar The Theory and Practice of Translation i 1964. Dar le Nida is é an difríocht eatarthu ná: ‘formal equivalence focuses attention on the message itself, in both form and content’, unlike dynamic equivalence which is based upon ‘the principle of equivalent effect’ (1964:159)

5.3.1  Coibhéis fhoirmiúil

Moltar leis an gcoibhéis fhoirmiúil go mbeadh dílseacht don bhuntéacs chomh fada agus is féidir ó thaobh múnla agus ó thaobh ábhair, in ainneoin na héifeachta mínádúrtha a d’fhéadfadh an cur chuige aistriúcháin sin a chur os comhair lucht na sprioctheanga. Bhí Lawrence Venuti i bhfabhar na coibhéise foirmiúla agus thug sé ‘Coimhthiú’ nó ‘Foreignizing Method’ air. Cheap sé gurb é an buntáiste a bhain leis ná go bhféadfadh an léitheoir tuiscint níos fearr a fháil ar chultúir eile. (Venuti: 1995). Ach tá míbhuntáiste leis an gcoibhéis fhoirmiúil chomh maith. Má bhítear ródhílis don bhuntéacs agus aistriúchán foirmiúil a dhéanamh air, seans maith nach dtuigfeadh lucht na sprioctheanga eilimintí a bhaineann le meon agus cultúr coigríche sa téacs aistrithe, agus ní bhfaigheadh siad blas nó tuiscint cheart ar an saothar bunaidh.

5.3.2  Coibhéis dhinimiciúil

Ba é Eugene Nida a cheap an téarma coibhéis dhinimiciúil (tugtar ‘coibhéis fheidhmiúil’ air freisin). Is cur chuige é seo a leagann béim ar an ábhar aistrithe a bheith soléite agus intuigthe do na spriocléitheoirí. An míbhuntáiste a d’fhéadfaí a bheith i gceist le dul an iomarca sa treo seo is ea ‘saoraistriúchán’ scaoilte a dhéanamh ar an mbuntéacs. Thuigfeadh spriocléitheoirí an méid atá scríofa ach bheadh cuid den téacs sin nuachumtha ag an aistritheoir, agus is beag riain a bhfaigheadh spriocléitheoirí ar ealaíon nó ar chultúr an tsaothair bhunaidh.

Agus teoiric an aistriúcháin á cur i bhfeidhm sa tráchtas seo, tuigtear leis an taighdeoir an tábhacht a d’fhéadfaí a bheith leis an gcoibhéis fhoirmiúil d’ábhar chomh beacht agus chomh teicniúil agus atá an fhoclóireacht. Agus miondifríochtaí caolchúiseacha i measc choincheapa na gceannfhocal Béarla go minic, ní mór cloí go docht leis an mbuntéacs chun an cur síos beacht céanna a chur ar na sainmhínithe Gaeilge. Ach ar an láimh eile, tá cuid de na sainmhínithe Béarla ó Wordnet® an-fhoclach agus casta, agus tá baol ann go mbeadh aistriúchán litriúil orthu mínádúrtha agus dothuigthe don Ghaeilgeoir. Ós é aidhm an aistriúcháin sainmhíniú Gaelach a chur ar fhocal Gaeilge ní mór coibhéis dhinimiciúil a chur san áireamh ann freisin.

5.3.3  Aistriúchán inteangach

Bhain an taighdeoir tairbhe as teoiric eile a cheap Roman Jakobson in On Linguistic Aspects of Translation (1959), aiste inar scríobh sé:

…’the meaning of any linguistic sign is its translation into some further, alternative sign., especially a sign “in which it is more fully developed” as Peirce, the deepest inquirer into the essence of signs, insistently stated.2 The term “bachelor” may be converted into a more explicit designation, “unmarried man,” whenever higher explicitness is required. We distinguish three ways of interpreting a verbal sign: it may be translated into other signs of the same language, into another language, or into another, nonverbal system of symbols. (Jakobsen:1959:2)

Chuir Jakobsen a lipéid féin ar na trí chineál aistriúcháin seo a leanas:

  1. Aistriúchán Inteangach (‘intralingual’) a tharlaíonn laistigh de theanga amháin i.e. athinsint nó parafrása)
  2. Aistriúchán Idirtheangach (‘interlingual’) a tharlaíonn idir dhá theanga – an gnáthaistriúchán dátheangach, nó ‘translation proper’ mar a thug sé air.
  3. Aistriúchán idirshéimeolaíoch (‘intersemiotic) (idir dhá chóras siombaile) (ibid)

Dar le Jakobsen baineann an t-aistritheoir úsáid as comhchiallaigh i bpróiseas an aistriúcháin inteangach chun an teachtaireacht a chur os comhair an spriocléitheora.

“Yet synonymy, as a rule, is not complete equivalence: for example, “every celibate is a bachelor, but not every bachelor is a celibate.” A word or an idiomatic phrase-word, briefly a code-unit of the highest level, may be fully interpreted only by means of an equivalent combination of code-units, i.e., a message referring to this code-unit: “every bachelor is an unmarried man, and every unmarried man is a bachelor,” or “every celibate is bound not to marry, and everyone who is bound not to marry is a celibate.” (ibid)

Mheabhraigh sin dom an fhadhb a bhí le Princeton Wordnet® nuair a dúirt Miller nár leor comhchiallaigh amháin chun brí bheacht an fhocail a chur in iúl. Thuig mé níos fearr arís cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh na sainmhínithe go caolchúiseach cruinn agus go gcaithfear an-aird a thabhairt ar chúrsaí séimeantacha. Cheap mé gur seift mhaith é an chaoi a ndearna Jakobsen tástáil ar an gcoibhéis sa sampla thuas.

Pléann Jakobsen an fhadhb nuair a bhíonn éagsúlacht mhór sa struchtúr gramadaí idir dhá theanga, agus tugann sé samplaí idir an Rúisis agus an Béarla. Ceapann sé gur féidir réiteach a fháil ar na fadhbanna sin i gcónaí, pé teangacha atá i gceist:

‘whenever there is deficiency, terminology may be qualified and amplified by loanwords or loan-translations, neologisms or semantic shifts, and finally, by circumlocutions’ (ibid:4).

Dar le Vanessa Leonardi, tá na teoiricí Vinay agus Darbelnet cosúil le Jakobsen sa mhéid go molann siad don aistritheoir bealaí éagsúla a úsáid chun dul i ngleic le deacrachtaí bainteach le cultúr agus struchtúr gramadaí éagsúil. (Leonardi: 2000).

Tar éis tuairimí suimiúla a fháil ó na teoiricí luaite sa chaibidil seo, beartaíodh tabhairt faoin aistriúchán le cur chuige a thabharfadh aird ar an gcoibhéis fhoirmiúil i dtaobh tuiscint cheart a fháil ar na sainmhínithe Béarla, ar an gcoibhéis dhinimiciúil i gcásanna cuí san aistriúchán Gaeilge ar na sainmhínithe, agus ar an aistriúchán inteangach i dtaobh réiteach an cheannfhocail Ghaeilge lena shainmhíniú Gaeilge. Is foclóir lánGhaeilge atá i gceist le LSG agus ní bheadh an Béarla feiceálach don úsáideoir sa táirge deiridh. Bheadh sé tábhachtach mar sin nach bhfeicfí riain an Bhéarlachais sna sainmhínithe agus go mbeadh an Ghaeilge nádúrtha agus sothuigthe.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s