7.1 Moltaí

* Thaispeáin tuairimí na bhfreagróirí go bhfuil tábhacht le foclóirí agus leabhair éagsúla a foilsíodh le céad bliain anuas agus go mbaintear an-tairbhe astu. Dar leis an taighdeoir, ba chóir sna blianta amach anseo na leabhair sin a chur ar fáil ar líne ar bhealach inchuardaithe.

* Tuilleadh taighde a dhéanamh ar an éileamh atá ann ar fhoclóir comhaimseartha lánGhaeilge trí mhionanailís a dhéanamh ar ghrúpaí éagsúla.

* Fiosrú leis an nGúm faoi na féidearthachtaí atá ann leis an bhFoclóir Beag a leathnú, nó, cead a fháil uathu úsáid a bhaint as na sonraí atá ann i dtionscadal foclóra lánGhaeilge eile.

* Eolas a scaipeadh i measc phobal na Gaeilge faoi na féidearthachtaí a bhaineann le Líonra Séimeantach na Gaeilge. Bheadh sé tábhachtach go mbeadh an t-eolas sin go hiomlán cruinn agus curtha ar fáil ar bhealach soléite agus sothuigthe. Bheadh sé tábhachtach freisin a chinntiú nach laghdódh tionscadal LSG aon deis a thabharfadh Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge chun críche a luaithe agus is féidir, óir is mórshaothar ríthábhachtach é sin.

* Meitheal oibre pobalbhunaithe a thosú chun sainmhínithe Gaeilge a chur le LSG nuair a bheidh an creatlach oibre socraithe go héifeachtach. Bheadh sé ríthábhachtach go mbeadh cainteoirí dúchais agus aistritheoirí den chéad scoth ar fáil don obair aistriúcháin, go háirithe sa phróiseas eagarthóireachta.

* Líonra Séimeantach na Gaeilge a fhorbairt ar bhealach caighdeánaithe le go mbeifear in ann é a nascadh le EuroWordnet amach anseo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s