2.2 An Ré Leictreonach

Is i lár na haoise seo caite a saothraíodh na foclóirí móra is deireanaí atá againn, Foclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe (1959) agus Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (1978). Ba léir faoi dheireadh na haoise, áfach, go raibh easpa téarmaíochta iontu chun déileáil le cúrsaí nua an tsaoil. Mar shampla, roghnaíodh nathanna ar nós ‘crisis meeting’; ‘railroaded (into something)’; ‘in denial’; ó leathanach 1 den Irish Times 14 Meán Fómhair 1998, agus ní bhfuarthas cabhair ar bith in de Bhaldraithe le ceann ar bith díobh. (Breathnach & Nic Pháidín: 2008: 10). Thar aon réimse eile bíonn ar na meáin téarmaí a cheapadh go gasta le freastal ar chúrsaí an lae. Is é an Coiste Téarmaíochta an príomhfhoinse údarásach maidir le téarmaí nua a chumadh (faoi chúram na Roinne Oideachais 1927-1999, ach is cuid d’Fhoras na Gaeilge é anois). Sa bhliain 1999 scríobh Rúnaí an Choiste Téarmaíochta tuairisc inar leagadh béim ar an bhfadhb a bhain le líon fairsing foinsí téarmaíochta a bheith ar fáil i gcruthanna éagsúla, agus neamhréir idir na foinsí sin go minic. Theastaigh an téarmaíocht uile a thabhairt le chéile go leictreonach ar dtús, agus ansin i bhfoclóir nua cuimsitheach. Cuireadh tús le straitéisí do chomhordú acmhainní téarmaíochta agus foclóireachta. I measc na moltaí bhí foclóir nua Béarla–Gaeilge, an tionscadal a fógraíodh in 2002 agus atáthar ag súil le tabhairt chun críche faoi 2012. Ach bhí géarghá práinneach le foinse amháin téarmaíochta a bheith ar fáil gan mhoill agus baineadh leas as teacht an idirlín chun réiteach gearrtéarmach a fháil ar an bhfadhb. (Breathnach & Nic Pháidín: 19-20)

2.2.1 www.acmhainn.ie

Cuirtear cuid mhór de na foclóirí agus liostaí téarmaíochta thuasluaite ar fáil tríd an láithreán gréasáin www.acmhainn.ie. Tá an suíomh ann mar áis thábhachtach d’aon duine a bheadh ag lorg foclóirí, liostaí téarmaíochta, treoir ghramadaí, nuacht d’aistritheoirí agus na naisc is déanaí chuig acmhainní leictreonacha eile. Tá ceachtanna agus neart ábhair eile ar an suíomh a bhaineann le gairm an aistriúcháin. Pléitear ceisteanna agus tugtar comhairle faoi ghnéithe den teanga i bhfóram ríomhphoist atá thar a bheith cabhrach. Láithreán gréasáin lánGhaeilge atá ann, gan aon rogha dátheangach Béarla mar a fheictear chomh minic ar láithreáin eile. Is leid é seo don taighdeoir go bhfuil tóir agus éileamh i measc daoine inniúil sa teanga ar chomhéadan agus ar chur chuige aonteangach Gaeilge. Tá rogha teanga agus ráiteas soiléir le feiceáil ar http://www.acmhainn.ie – pléitear an Ghaeilge trí mheán na Gaeilge.

2.2.2 www.focal.ie

In 2003, agus Acht na dTeangacha Oifigiúla díreach faofa sa Dáil, chuir Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, moladh faoi bhráid Fhoras na Gaeilge go n-iarrfaí maoiniú ón Aontas Eorpach chun bunachar náisiúnta téarmaíochta a chruthú don Ghaeilge. Fuarthas maoiniú faoi INTERREG IIIA Éire/An Bhreatain Bheag as an gciste Cumarsáide Teicneolaíochta agus Iompair. Is é an toradh a bhí air i gcás na hÉireann ná www.focal.ie, bunachar comhtháite ar líne de nuathéarmaíocht na Gaeilge a bhfuil fáil saor in aisce ag an bpobal air. (Breathnach & Nic Pháidín: 2008: 21). Is é seo a leanas cuid den obair atá bainte amach ag focal.ie:

  • Rinneadh ionchur, seiceáil agus eagarthóireacht ar fhoclóirí agus liostaí téarmaí de chuid an Choiste Téarmaíochta mar aon le nuashonrú agus forbairt téarmaíochta i réimsí eile: raidió agus teilifís, cúrsaí spóirt agus ealaín, etc.
  • Tá áis ar an suíomh chomh maith le téarmaí nua a chur faoi bhráid an Choiste agus cuirtear fáilte roimh mholtaí agus phlé.
  • In 2006, cuireadh corpas sonraí Rannóg an Aistriúcháin ar fáil mar acmhainn bhreise ar focal.ie agus chruthaigh Fiontar córas don Rannóg chun an t-ábhar seo a nuashonrú go rialta (Breathnach & Nic Pháidín: 2008: 12). Chuaigh sé seo i bhfeidhm mar chomhlánú ar an rochtain a bhí ar www.achtanna.ie. ar achtanna uile an stáit, idir Bhéarla agus Ghaeilge, tríd an idirlíon ó 2004.

Faoi Mheán Fómhair 2007 bhí taifead de 3.2 milliún cuardach ar an suíomh ó áiteanna chomh scaipthe le Norlisk sa tSibéir go Dunedin sa Nua Shéalainn (Nic Pháidín: 2008:105). Tá os cionn 300,000 téarma ar fáil agus iad inchuardaithe faoi na leaganacha Gaeilge agus Béarla agus maítear go ndéantar suas le 680,000 cuardach sa mhí ar an suíomh inniu (Fiontar, 2010). Ní amháin go dtugann sin fianaise ar an éileamh domhanda atá ar acmhainn leictreonach de théarmaíocht chomhaimseartha, ach treisíonn sé an cás práinneach d’fhoclóir nua Béarla-Gaeilge a bheith ann chomh maith.

“However innovative, terminology databases do not replace the need for a full suite of general bilingual dictionaries in both print and electronic formats. Teachers, translators, writers and linguists need access to corpora and to full dictionary length entries to enable creative use of the existing rich lexicon.”

(Nic Pháidín: 2008: 106)

Caithfear tabhairt faoi deara gur acmhainn don fhoclaíocht theicniúil í focal.ie. Níl sé, agus ní raibh sé i gceist riamh go mbeadh sé, ina acmhainn chuimsitheach do réimsí uile na teanga. Ní thugann focal.ie léargas ar an teanga mar atá sí in vivo. Níl an gnáthfhocal ‘deirfiúr’ mar thoradh ar an gcuardach ‘sister’ mar shampla. Faightear ‘Aontas na Siúracha Teagaisc’, Comhordaitheoirí Banaltraí Ailse, ‘siúr mhisinéireachta’ etc.  Admhaíonn na húdair:

“Is é an gearán is coitianta ná easpa gnáthfhocal ar an suíomh.  Is iomaí duine a d’iarr go slogfaí Foclóir Uí Dhónaill isteach ann. Is gnáthfhocail seachas téarmaí speisialaithe na téarmaí is minice a chuardaítear.  Cé go bhféadfaí bheith ag súil leis seo agus na téarmaí sin in úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla, léiríonn sé freisin go bhfuil focal.ie á úsáid go coitianta mar ghnáthfhoclóir.”

(Breathnach & Nic Pháidín: 2008: 24)

Gné thábhachtach de chlár oibre Fiontar faoi láthair is ea an bunachar a cheangal le Nua-Chorpas na hÉireann, rud atá mar bhonn faoi thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge.

2.2.3 An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge

Foclóir dátheangach le 40,000 ceannfhocal nó mar sin is ea an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, a bheidh á fhoilsiú i bhfoirm leabhair agus i bhformáid leictreonach araon faoi dheireadh 2012. Glactar leis sna laethanta seo gur de scothchleachtas na foclóireachta é go mbeadh aon fhoclóir mór comhaimseartha bunaithe ar chorpais teanga. Tugtar ‘corpas’ ar aon mhórchnuasach téacsanna i bhfoirm dhigiteach. Baintear úsáid as chun teacht ar fhianaise faoi úsáid teanga i raon leathan téacsanna. Tá na corpais tagtha chun cinn mar uirlis riachtanach i saothrú teangacha, idir mhion agus mhór, agus tá forbairt leanúnach á déanamh ar an teangeolaíocht chorpasbhunaithe. (An Foclóir Chorpasbhunaithe, 2010). Is gné lárnach de thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge í forbairt Nua-Chorpas na hÉireann, corpas leictreonach teanga ina bhfuil bailiúcháin mhóra de théacsanna i nGaeilge (30 milliún focal) agus i mBéarla na hÉireann (25 milliún focal). Léirítear anseo (Tábla 1) na cineálacha téacsanna atá cuimsithe. (Nic Pháidín:2008: 101)

Tábla 1: Foinsí éagsúla atá mar chuid de Nua-Chorpas na hÉireann

Foinse Líon na bhfocal
Leabhair (ficsean)

Leabhair (neamhfhicsean)

Nuachtáin

Tréimhseacháin

Foilseacháin Oifigiúla

Ábhair chraolta

Láithreáin Ghréasáin

7.6m

8.4m

4.5m

2.6m

1.2m

.4m

5.5m

Tuigtear leis an taighdeoir[1] na príomhghnéithe seo a leanas faoin bhfoclóir nua:

  • tá idir teanga nua-aimseartha agus an teanga bheo san fhoclóir
  • tugtar aghaidh ar mhórchanúintí na Gaeilge agus beidh rogha aistriúcháin i gcásanna áirithe le nodaireacht chuí mar áis don úsáideoir
  • Is ón gcorpas a baineadh na habairtí samplacha san ábhar Béarla; déanfar eagarthóireacht orthu siúd sula gcuirfear isteach sna hiontrálacha deiridh iad.

Maidir leis an leagan leictreonach:

  • Beidh rogha de ‘radharc achomair’ agus ‘radharc cuimsitheach’ ann.
  • Beidh deiseanna le cuardach a dhéanamh bunaithe ar an roinn cainte, ar an gcanúint, ar lipéid réimse etc.
  • Beidh comhad fuaime ar fáil do gach ceannfhocal, sna trí mhórchanúint.
  • Táthar ag súil go mbeidh úsáideoirí in ann cuardach a dhéanamh sa treo Gaeilge- Béarla leis.
  • Ní bheidh aon ghné d’fhoclóir aonteangach ar fáil san Fhoclóir Nua Béarla- Gaeilge e.g. cuardach a dhéanamh trí Ghaeilge agus teacht ar chomhchiallaigh, ar fhrithchiallaigh nó ar shainmhínithe i nGaeilge. (Convery, 2010)

[1] (comhfhreagras ríomhphoist idir an taighdeoir agus Cathal Convery, Bainisteoir Tionscadail 17/05/2010)

Advertisements

2 fhreagra ar “2.2 An Ré Leictreonach

  1. an-ghá leis an bhfoclóir sin, alt maith

    • Go raibh maith agat as ucht do thuairim a Eoin. Dar le Scannell, ní thógfadh sé ach bliain nó dhó le cur le chéile dá mbeadh maoiniú beag ar fáil ó áit éigin. Is féidir go leor den obair a dhéanamh trí sluafhoinsiú nó ‘crowdsourcing’ agus eagarthóireacht a dhéanamh air ansin le foireann beag de dhaoine proifisiúnta le Gaeilge den scoth acu. Súil agam go dtarlóidh sé lá éigin sa todhchaí.
      Maith thú as ucht do ghníomhaíochtaí féin – is breá liom seofocaniontach! Beir bua Eilis

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s