2.3 Foclóirí LánGhaeilge

Is beag an fhoclóireacht chomhaimseartha aonteangach a saothraíodh ó cuireadh Foclóir Uí Chléirigh i gcló sa bhliain 1643. Pléitear go hachomair anseo an ceann is deireanaí atá ann, an Foclóir Beag, chomh maith le foclóir mór stairiúil a bheifear ag súil leis faoi cheann tríocha bliain nó mar sin – Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann.

2.3.1 An Foclóir Beag

I 1991 d’fhoilsigh an Gúm foclóir póca Gaeilge-Gaeilge dar teideal an Foclóir Beag, Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin a rinne eagarthóireacht air. Is é an aidhm atá luaite leis ar an gclúdach “go bhféadfadh daoine óga agus foghlaimeoirí eile teacht isteach ar conas foclóir simplí a úsáid roimh dhul ar aghaidh go dtí foclóirí móra, agus go dtuigfidís an spórt a leanann é.” (An Gúm, 1991) Tá líon na bhfocal teoranta (13,000 focal), sa chaoi go n-áirítear ann na focail is simplí agus is mó a theastódh ó dhéagóirí scoile, ach fós féin, tá sé thar a bheith áisiúil mar theasáras agus malairt leaganacha a aimsiú. I gcásanna áirithe tugtar sainmhínithe soiléire gonta, samplaí úsáide, agus luaitear bríonna éagsúla a bhaineann leis an gceannfhocal. In 2003 dhear Roinn na Ríomheolaíochta, Ollscoil Luimnigh comhéadan idirlín a lig don úsáideoir an Foclóir Beag a chuardach ar líne. Is é an bua mór breise atá leis an láithreán ná an t-eolas cuimsitheach gramadaí atá ar fáil: ar thuisil, ar aimsirí, ar fhoirmeacha ceisteacha agus diúltacha, rudaí nárbh fhéidir a chlúdach sa leagan clóite, ceal spáis. Léiríonn an giota thíos ó fhóram daltaí.com an meas atá ar an bhFoclóir Beag mar acmhainn aonteangach:

“I’m trying to learn Irish the way I learned English. That is, when I see a word that I don’t know, I look it up in An Foclóir Beag (Gaeilge-Gaeilge) first…The reason I’m doing this is I want to eliminate English as much as possible while I’m studying Irish. If after trying to understand the definition in An Foclóir Beag, and I still don’t understand the word, then I look up the word in FGB, but I would rather not do that since it then brings the crutch of English back into the picture.”

-Seolta ag ‘Rothaí’ Clár Plé Daltaí.com, 16 Bealtaine 2010 [1]

Tá beagnach 600,000 cuardach déanta ar an suíomh ó seoladh é in 2003 agus is léir go mbaineann foghlaimeoirí úsáid as go rialta. Is é an feall é, dar leis an taighdeoir, nach raibh aon fhorbairt eile déanta ar an leagan leictreonach den Fhoclóir Beag chun é a thabhairt chun cinn mar fhoclóir comhaimseartha aonteangach do lucht na Gaeilge i gcoitinne.

2.3.2 Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge

Tionscnamh fadtéarmach de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann is ea Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge a bhfuil d’aidhm aige foclóir stairiúil don Ghaeilge a chur ar fáil don tréimhse 1600-2000. Rianaítear stair na bhfocal óna n-úsáid bhunaidh go dtí an lá atá inniu ann i bhfoclóir stairiúil. Áirítear ann go minic liostaí d’fhocail ó na meánaoiseanna agus níos luaithe, nach bhfuil i mbéal an phobail a thuilleadh. Is ábhar mór suime é do lucht léinn agus do scoláirí na lámhscríbhinní agus tá tábhacht idirnáisiúnta leis ó thaobh oidhreacht teanga agus tíre. Bunaíodh an tionscadal seo chomh fada siar le 1976 agus tá sé fós idir lámha. Bhí daoine mar TK Whittaker agus Tomás de Bhaldraithe bainteach ón tús agus bhí sé i gceist acu foclóir aonteangach Gaeilge a chur le chéile (macasamhail fhoclóir Béarla Oxford). Ach níor fhás an fhoireann ná an tionscadal mar a bhí siad ag súil. De bharr cúlú eacnamaíochta sna hochtóidí cuireadh cosc ar earcaíocht sa tseirbhís phoiblí agus, níos déanaí arís bhí deacrachtaí roimh fhoireann an Acadaimh faoi anáil ré na teicneolaíochta:

“the second external factor inhibiting progress was the arrival of computing technologies and the revolution in lexicographic methods as corpora displaced mountains of paper slips, over a million records in the case of Irish.”

(Nic Pháidín: 2008: 96-97)

D’éirigh de Bhaldraithe as a phost i 1994 agus rinneadh athchóiriú ar chuspóirí an tionscnaimh i.e. ‘the creation within the next seven years of a computerized dictionary archive of Modern Irish’. (Nic Pháidín: 2008: 97). D’athraigh an fócas ó dhréachtú an fhoclóra féin go cruthú corpas, rud a bhí ag teacht le béim na ceirde go domhanda. Is é príomh-aschur an tionscadail go dtí seo an bunachar bibleagrafaíochta, Corpas na Gaeilge 1600-1882 a cuireadh ar fáil in 2004. Tá an dara sraith 1882-2000 fós idir lámha. Tá an dá bhunachar bibleagrafaíochta foilsithe ar www.fng.ie. Is féidir breathnú ar liosta de théacsanna atá sa chorpas de réir teideal, údar, aistritheoir, dáta foilsithe etc.  ach níl teacht ar líne ar an gcorpas féin (Acadamh Ríoga na hÉireann, 2010). Tá cur síos ar na bearta atá i bhfeidhm le forbairt a dhéanamh air i leathanach 43 den Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030:

– Go gcruthófar acmhainní corpais agus uirlisí foclóireachta d’fhorbairt foclóireachta a thacóidh le foclóirí aon teangacha (stairiúla) agus cinn dhátheangacha (comhaimseartha);
– Go mbeidh an Foclóir Gaeilge stairiúil atá Acadamh Ríoga na hÉireann a dhéanamh críochnaithe faoi 2037;

Gan dabht tá sé ríthábhachtach go mbeadh a leithéid curtha ar fáil don Ghaeilge ach is saothar ollmhór casta atá i gceist leis an bhFoclóir Stairiúil, a thógfadh ar a laghad 27 bliain eile le tabhairt chun críche. Dealraíonn sé nach bhfuil plean ar bith d’fhoclóir mór aonteangach comhaimseartha a chur ar fáil, áis a d’fhéadfadh a bheith an-chabhrach do Ghaeilgeoirí na linne seo, d’fhoghlaimeoirí agus do dhaoine gairmiúla mar aon.


[1] http://www.daltai.com/discus/messages/20/50453.html?1275132788

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s