2.4 Taighde ar úsáid foclóirí

Ó na seascaidí ar aghaidh tugadh faoi roinnt staidéar ar riachtanais úsáideoirí foclóirí. Glacadh le béim agus le cur chuige éagsúil i ngach staidéar agus baineadh úsáid as modhanna éagsúla taighde chun mioneolas agus staitisticí a bhailiú – ceistneoirí, breathnóireacht agus measúnuithe ina measc. Dhírigh roinnt staidéar isteach ar an gcineál eolais a bhíonn á lorg ag úsáideoirí i bhfoclóirí aonteangacha agus dátheangacha (e.g. Barnhart 1962, Tomaszczyk 1979, Béjoint 1981). I staidéir eile, fiosraíodh leibhéal sástachta na n-úsáideoirí le foclóirí (e.g. Galisson 1983, Mackintosh 1995), agus bhain staidéir eile leis an gcineál foclóra a roghnaíonn duine ag brath ar an gcineál tasc atá le déanamh. (e.g. Baxter 1980, Atkins and Knowles 1990.) Ní féidir mionphlé a dhéanamh anseo ar gach staidéar ach pléitear príomhphointí na dtorthaí a tháinig chun cinn go rialta astu, go háirithe maidir le húsáid foclóirí aonteangacha.

Tuigtear ó na staidéir atá déanta go dtí seo agus ó na saineolaithe foclóirí gurb é an foclóir dátheangach an chéad rogha i measc foghlaimeoirí teanga. (Nakamoto 1995, Atkins-Varantola, 1997: 32). Ba iad foghlaimeoirí agus mic léinn den chuid is mó a bhí páirteach sa chineál taighde seo agus is ábhar suntais é go bhfuil fíorbheagán taighde impiriciúil ar úsáid foclóirí déanta le daoine atá inniúil sa teanga ar nós aistritheoirí proifisiúnta. Léirítear go tréan ó na figiúirí i staidéir éagsúla go mbíonn an rogha ar son foclóirí dátheangacha ar leibhéal i bhfad níos airde i measc foghlaimeoirí a bhfuil cumas íseal sa teanga acu agus go dtagann méadú suntasach ar líon na ndaoine a bhaineann úsáid as foclóir aonteangach de réir mar a bhíonn cumas maith acu sa teanga (Atkins-Varantola, 1997: 34).

Taispeánadh freisin go mbaintear úsáid as an bhfoclóir dátheangach sa chéad áit chun buneolas nó aistriúchán díreach a fháil ar fhocal, ach ina dhiaidh sin téann úsáideoirí (go háirithe iad siúd atá níos cumasaí sa teanga) chuig an bhfoclóir aonteangach chun eolas breise nó eolas níos cruinne a fháil ar an bhfocal céanna. Sa staidéar a rinne Atkins agus Varantola i 1997 tugadh an tasc céanna aistriúcháin do rannpháirtithe agus iarradh orthu taifead a choinneáil ar an gcineál foclóra a d’úsáid siad gach uair a bhí focal á sheiceáil acu, agus ar an bhfáth ar roghnaigh siad pé acu foclóir aonteangach nó dátheangach. Léirítear anseo tábhacht an fhoclóra aonteangaigh: eolas gramadaí á lorg ag 60%, comhlogaíochtaí[1] á lorg ag 67% agus eolas breise ar an bhfocal ag 47%.

Tábla 2:   Torthaí ó staidéar Atkins-Varantola ar úsáid foclóirí. (Atkins-Varantola, 1997: 33)

‘This table highlights rather nicely the fact that when looking for primary information (an unknown translation) people tend to go to the bilingual dictionary, whereas the monolingual dictionary comes into play as their need for secondary information grows.’

Dictionary choices for L1-L2 translation task by users with advanced L2 skill

Dictionary type consulted (Q.4 = W) Seeking an L2 Translation (Q.4 = ‘B’) Checking word as L2 translation (Q.4 = C) Seeking grammar of L2 word (Q.4 = ‘D’) Seeking collocations of L2 word (Q.4 = ‘E’) Seeking other information
Bilingual 235      81% 167     66% 8      40% 23   32% 19     53%
L2 monolingual 54       19% 85       34 12    60% 48    67% 17     47%
Unspecified 1 – 1 – 1        1% – .
Total 290 100% 253 100% 20 100% 72   100% 36    100%

Dar le Bejoint, aontaíonn go leor múinteoirí agus saineolaithe teanga go mbíonn caighdeán agus cruinneas an eolais i bhfad níos fearr i bhfoclóir aonteangach. Cuirtear leis an stór focal agus tugann sé deis d’fhoghlaimeoirí taithí a fháil ar a gcuid smaointeoireachta a dhéanamh trí mheán na teanga sin. Bíonn drogall ar roinnt foghlaimeoirí úsáid a bhaint as an bhfoclóir aonteangach ar dtús, ach de réir mar a fhaigheann siad cleachtadh air, tagann feabhas ar a scileanna teanga agus aithníonn siad na buntáistí a bhaineann leis. (Bejoint 1981).  Mar a deir Atkins:

“monolinguals are good for you (like wholemeal bread and green vegetables); bilinguals (like alcohol, sugar and fatty foods) are not, though you may like them better.” (1985:22)


[1] Bíonn comhlogaíocht i gceist nuair a thagann dhá fhocal éagsúla le chéile in abairt agus faightear brí ar leith as an dá fhocal mar aonad. M.sh. ‘bean’ agus ‘rialta’.  Is é an comhlogaíocht ar an dá fhocal sin ‘bean rialta’ – friotal a chiallaíonn ‘Siúr’, nó ball d’ord mná rialta.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s