2.5.1 EuroWordnet

Ba thionscadal de chuid an Aontais Eorpaigh é EuroWordnet a bhí faoi stiúir Dr Piek Vossen, University of Amsterdam idir 1996-1999. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal bunachar sonraí ilteangach a fhorbairt ina mbeadh taifead ar na gaolta séimeantacha i measc teangacha Eorpacha éagsúla. Cruthaíodh bunachar sonraí ilteangach ina bhfuil líonraí séimeantacha, bunaithe ar struchtúr Princeton Wordnet®, ar fáil sna teangacha seo a leanas: an Ollainnis, an Iodáilis, an Spáinnis, an Ghearmáinis, an Fhraincis, an tSeicis agus an Eastóinis. Bhí gach líonra séimeantach cruthaithe go neamhspleách ina theanga féin agus nasctha ansin le modúl speisialta deartha ag EuroWordnet – an Inter-Lingual-Index (ILI). Is tríd an innéacs sin a bhíonn na líonraí séimeantacha éagsúla idirnasctha le chéile agus gur féidir dul ó choincheap i dteanga amháin go coincheap cosúil leis i dteanga eile.

Is féidir an bunachar sonraí a úsáid le haghaidh aisghabhála faisnéise aonteangaí nó ilteangaí. Ó tugadh an tionscadal chun críche i 1999, tá forbairt á dhéanamh ar líonraí séimeantacha do 12 theanga eile múnlaithe ar dhearadh EuroWordnet: an tSualainnis, an Ioruais, an Danmhairgis, an Ghréigis, an Phortaingéilis, an Bhascais, an Chatalóinis, an Rómáinis, an Liotuáinis, an Rúisis, an Bhulgáiris agus an tSlóivéinis. Más comhoiriúnach iad, is féidir iad a chur le bunachar sonraí EuroWordnet agus a nascadh leis na líonraí séimeantacha eile tríd an ILI. (EuroWordnet, 2010). Ós rud é gur teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge, is céim nádúrtha í go bhforbrófar líonra séimeantach don Ghaeilge chomh maith le go mbeidh sí ar aon chéim le teangacha Eorpacha eile.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s