2.5.2. Global Wordnet Association

Is eagraíocht neamhthráchtála phoiblí í an Global Wordnet Association (GWA) a chruthaíonn an deis le heolas a roinnt agus le naisc a chruthú idir líonraí séimeantacha ar fud an domhain. Tá liosta de na líonraí séimeantacha sin, a chuimsíonn breis is 50 teanga éagsúil, ar fáil ar a leathanach idirlín Wordnets in the World, agus tá Líonra Séimeantach na Gaeilge san áireamh ann. Scaipeann an GWA eolas faoi líonraí séimeantacha don phobal i gcoitinne, agus foilsíonn sé ábhair chun comhoibriú agus malartú eolais a chothú idir na cumainn theicniúla agus ghairmiúla a thógann nó a úsáideann líonraí séimeantacha. Tá ról tábhachtach aige maidir le caighdeánú a chur chun cinn i measc na líonraí séimeantacha ar domhan (Global Wordnet Association, 2010). Cuireann an GWA le torthaí ó Princeton Wordnet® agus ó EuroWordnet.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s