2.1 Réamhrá

Cuireadh an chéad fhoclóir lánGhaeilge i gcló sa bhliain 1643 – Foclóir nó Sanasan Nua le Mícheál Ó Cléirigh, príomheagarthóir Annála na gCeithre Mháistrí i Lobháin. Is é an an t-aon mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge-Gaeilge a cuireadh amach le beagnach 350 bliain anuas. Léirítear sa leabhar gur ag plé le ‘focail chrua, ársa agus dhoiléire’ a bhí Ó Cléirigh sa saothar seo. (Mac Amhlaigh 2008: p1-3).

Ach tá níos mó ná feidhm phraiticiúil i gceist le foclóir.  Léirítear gné pholaitiúil taobh thiar de mar a mhaíonn Caoilfhionn Nic Pháidín in Corpus planning for Irish: Dictionaries and Terminology :

Dictionaries were statements by great nations about the supremacy of their languages and cultures. The Oxford English Dictionary (1858-1928) was established in direct response to the Deutsches Worterbuch of the brothers Grimm (1838-1961) and Emile Littré’s Dictionnaire de la langue Française (1841-73).  (Nic Pháidín, 2008: 95)

Taisce is ea foclóir ar shaíocht agus ar shaol’ a deirtear in Téarmaíocht na Gaeilge: turgnamh in vitro. Tagraíonn na húdair do Kernerman, foclóirí as Iosrael, a thráchtann ar an tábhacht a bhaineann le saothrú cheird na foclóireachta:

‘Each new edition of every dictionary is a replica-in-language form of the society whose language it documents.’ (Breathnach & Nic Pháidín: 2008:27).

Más fíor na focail sin, tugtar teachtaireacht éigin do mhuintir na hÉireann ós í an fhoclóireacht dhátheangach ba mhó a saothraíodh in Éirinn ó na meánaoiseanna go dtí ár linne seo, an Béarla mar mheán aistriúcháin de ghnáth.

Ní phléitear stair na foclóireachta in Éirinn sa tráchtas seo. Tá an t-eolas sin leagtha amach go cumasach sa leabhar Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge a scríobh Liam MacAmhlaigh, léachtóir le litríocht agus le Gaeilge i gColáiste Oideachais Froebel i mBaile Átha Cliath (2008).   Chomh maith leis sin tá plé suntasach déanta ar an stair a bhaineann le téarmaíocht agus le foclóireacht na Gaeilge i gcáipéisí éagsúla a bhfuil fáil orthu ar leathanach na bhFoilseachán ar shuíomh idirlín focal.ie., an dá cheann thuasluaite ina measc.

Breathnaítear anseo ar chuid de na tionscadail thábhachtacha a bhaineann leis an bhfoclóireacht chomhaimseartha Ghaeilge le blianta beaga anuas.  Ansin pléitear roinnt taighde idirnáisiúnta atá déanta ar úsáid na bhfoclóirí aonteangacha.  Mínítear cad atá i gceist le líonra séimeantach i ngearrchur síos ar Princeton Wordnet® agus pléitear Líonra Séimeantach na Gaeilge, ag déanamh tagairt do ghnéithe Wordnet® mar mhúnla dó. Breathnaítear freisin ar na deiseanna atá i Líonra Séimeantach na Gaeilge mar áis nuálaíoch foclóireachta aonteangaí.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s