3.3 Modheolaíochtaí Taighde

Tá dhá phríomh-mhodh taighde sna heolaíochtaí sóisialta: an taighde cainníochtúil atá bunaithe ar fhigiúirí agus staitisticí agus an taighde cáilíochtúil atá bunaithe ar thátal a bhaint as an bhfocal scríofa/focal béil agus pléifear na buanna agus na laigí a bhaineann leo ar ball.

Is taighde cáilíochtúil den chuid is mó atá i gceist sa tráchtas seo ach baineadh úsáid as modhanna taighde measctha – cainníochtúil agus cáilíochtúil – ar chúinsí praiticiúla mar thug an cur chuige sin saoirse don taighdeoir eolas a bhailiú faoi na ceisteanna taighde ar bhealach dírithe, fiúntach agus suas chun dáta. Dar le Creswell

‘…Mixed methods research has come of agethe situation today is less quantitative versus qualitative and more how research practices lie somewhere on a continuum between the two.’ (2003: 4).

Socraíodh go ndéanfar an taighde trí úsáid a bhaint as na huirlisí taighde seo a leanas:

  • Agallamh (modh cáilíochtúil)
  • Grúpa fócais (modh cáilíochtúil)
  • Suirbhé (modh cainníochtúil)
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s