3.3.1 An Modh Cainníochtúil

Tá an cur chuige seo bunaithe ar anailís a dhéanamh ar fhigiúirí.  Bíonn na sonraí a bhailítear i bhfoirm uimhriúil agus i bhfoirm chaighdeánaithe agus déantar anailís ar an eolas i bhfoirm léaráidí agus staitisticí. Rangaítear gnéithe den tionscadal, déantar comhaireamh orthu agus cruthaítear samhail staitistiúil chun míniú a thabhairt ar a bhfuil tugtha faoi deara.

Bíonn an taighdeoir soiléir faoina bhfuil á lorg acu ón staidéir agus bíonn dearadh an taighde réamhshocraithe. Go minic, bíonn prionsabail ghinearálta ann cheana féin a threoraíonn an taighdeoir chuig hipitéis agus déantar an hipitéis sin a thástáil le fíricí. Baineann an taighdeoir úsáid as uirlisí taighde agus trealamh a chuidíonn le sonraí uimhriúla a bhainistiú. Mar shampla, úsáidtear an feidhmchlár ríomhaire SPSS go speisialta chun anailís a dhéanamh ar líon mór figiúirí a eascraíonn as ceistiúcháin. Is samplaí praiticiúla iad seo a leanas den mhodh cainníochtúil: turgnamh; suirbhé nó ceistneoir; breathnadóireacht struchtúrtha; agallamh struchtúrtha.

Toisc go mbailítear an t-eolas ar mhodh oibiachtúil agus fuarchúiseach tá meas ar an modh cainníochtúil i réimse na socheolaíochta agus na heolaíochta. Ní bhíonn tuairimí na rannpháirtithe mar chuid de thorthaí ná d’anailís an taighde. Dar le Berg bíonn níos mó muiníne ag an bpobal i bhfigiúirí seachas i bhfocail. (2001: 2) Ach ceapann Bryman nach féidir leis an gcur chuige matamaiticiúil seo pictiúr iomlán a thabhairt dúinn den tsochaí mar atá.

‘The reliance on instruments and procedures hinders the connection between research and everyday life […] The analysis of relationships between variables creates a static view of social life that is independent of people’s lives’ (2004: 78-9).

Is bealach an-éifeachtach é an modh cainníochtúil chun freagraí a fháil ar na ceisteanna a bhaineann le ‘cén chaoi’ a ndéantar rud éigin, ach ní thugtar eolas níos doimhne a léiríonn ‘cén fáth’ a ndéantar rud éigin (Bell, 2005).

Bheartaigh an taighdeoir go raibh tábhacht ar leith ag baint le tuairimíocht agus fianaise béil a fháil ó scríbhneoirí na Gaeilge maidir leis na hacmhainní teanga atá ar fáil dóibh. Dar le Creswell ‘To level all individuals to a statistical mean overlooks their uniqueness’ (2003: 40) agus beartaíodh go raibh an t-eolas níos doimhne agus níos pearsanta sin tábhachtach don tionscadal chomh maith.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s