3.3.2 An Modh Cáilíochtúil

Is é an aidhm atá leis an gcur chuige cáilíochtúil ná tuairisc shonrach a sholáthar ar ábhar an taighde – cur síos atá bunaithe ar thátail a bhaintear as an bhfocal scríofa nó as an bhfocal béil. Go minic ní bhíonn ach tuairim ghinearálta ag an taighdeoir faoin méid atá uathu ón staidéar ag an tús, ach forbraítear ceisteanna agus dearadh an taighde de réir mar a théann an tionscadal ar aghaidh. Cuirtear suim i ngnéithe a bhaineann le hiompar ghníomhairí na sochaí agus i dtuairimíocht phearsanta na rannpháirtithe. Dar le Bryman ‘In qualitiative research, the perspective of those being studied – what they see as important and significant – provides the point of orientation.’ (2004: 284).

Tarlaíonn taighde cáilíochtúil i suíomh nádúrtha agus is buntáiste é seo mar go gcuireann sé le héascaíocht an taighde a dhéanamh ar bhealach réchúiseach do na rannpháirtithe. Feidhmíonn an taighdeoir féin mar uirlis taighde ag bailiú an eolais tríd a idirghníomhaíocht leis na rannpháirtithe agus déantar anailís ar na sonraí trí choincheapa a fhorbairt. Bíonn ról lárnach ag an taighdeoir féin san fhiosrúchán agus tugtar moltaí bunaithe ar a thuairimí féin atá bailithe ón taighde. Bailítear an t-eolas ar mhodh suibiachtúil agus bíonn tuairimí na rannpháirtithe mar chuid de thorthaí agus d’anailís an taighde.

Glactar nach bhfuil neamhspleáchas iomlán ag baint leis an staidéar; ach déanann an taighdeoir gach iarracht a bheith chomh macánta, oscailte agus fíor agus is féidir ó thaobh anailís a dhéanamh ar na torthaí. Is próiseas leanúnach é an taighde cáilíochtúil – le gach freagra tagann ceisteanna nua le spreagadh a thabhairt d’fhiosrúcháin nua ón eolas atá aimsithe. I bhfocail Creswell:

“Qualitative research begins with assumptions, a worldview, the possible use of a theoretical lens, and the study of research problems inquiring into the meaning individuals or groups ascribe to a social or human problem. To study this problem, qualitative researchers use an emerging qualitative approach to inquiry, the collection of data in a natural setting sensitive the people and places under study, and data analysis that is inductive and establishes patterns or themes. The final written report or presentation includes the voices of participants, the reflexivity of the researcher, and the complex description and interpretation of the problem and it extends the literature or signals a call for action. (Creswell 2003: 37)”

Is samplaí praiticiúla iad seo a leanas den mhodh cáilíochtúil: grúpa fócais; cás-staidéar; eitneagrafaíocht; breathnadóireacht rannpháirteach; agallamh. Thuig an taighdeoir go raibh buntáistí maithe leis an gcur chuige cáilíochtúil agus beartaíodh go mbainfear úsáid as éagsúlacht modhanna.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s