3.4.1 An tAgallamh Aonair

Féachann an t-agallamh aonair le heolas fíorasach agus fóinteach a bhailiú ó dhuine a bhfuil taithí nó saineolas suntasach acu a bhaineann le ceisteanna taighde. Bíonn suim ag an taighdeoir i ndearcadh an rannpháirtí agus is modh taighde solúbtha agus frithghníomhach é. Is féidir agallamh struchtúrtha, leath-struchtúrtha nó neamhstruchtúrtha a dhéanamh ag brath ar chomhthéacs an taighde agus líon na n-agallamh a bheadh i gceist.

‘Interviews are particularly useful for getting the story behind a participant’s experiences. The interviewer can pursue in-depth information around the topic.’ (McNamara, 1999).

Dar le Creswell, is é míbhuntáiste an agallaimh go bhfuil eolas indíreach curtha ar fáil atá faoi thionchar dhearcadh na rannpháirtithe. Bíonn tionchar ag an taighdeoir ar fhreagraí an agallaí, agus bíonn an t-eolas ag brath ar phearsantacht an agallaí, agus ar a chumas é/í féin a chur in iúl go soiléir. Is míbhuntáiste eile é a deir Creswell (2003) nach mbíonn an taighde lonnaithe i suíomh nádúrtha ach ní aontaíonn an taighdeoir go hiomlán leis an tuairim sin. Sa lá atá inniu ann, is féidir leis an agallóir agus leis an agallaí a bheith ar a gcompord ina dtithe féin, fiú i dtíortha éagsúla, sa chás go mbíonn fáil acu ar ríomhaire agus leathanbhanda. Tá sé an-éasca agallamh duine le duine a dhéanamh ar ríomhaire anois trí Skype nó Google Video Chat mar shampla, agus níl costas mór ag baint leis ach an oiread. Ní bhíonn na háiseanna teicneolaíochta sin ar fáil do gach duine, áfach, agus ní fheilfeadh an modh agallamh a dhéanamh tríd an idirlín ach do chásanna áirithe.

3.4.1.1            Roghnú Rannpháirtí

Roghnaíodh an t-agallamh aonair mar uirlis taighde chun eolas cáilíochtúil agus cainníochtúil a bhailiú ón bhfoinse eolais atá mar bhunchloch an tráchtais seo – is é sin dearthóir Líonra Séimeantach na Gaeilge, Kevin Scannell. Is aige atá an saineolas is mó faoi LSG. Tagann na ceisteanna taighde le taithí agus le sainréimse an agallaí agus bheadh sé tábhachtach eolas níos doimhne a fháil ar na fáthanna ar chruthaigh sé LSG agus ar na pleananna atá aige chun é a fhorbairt amach anseo. Dar leis an taighdeoir bheadh sé tábhachtach freisin ‘to see things from the point of view of those involved’ (Denscombe, 1998: 69) agus teagmháil phearsanta a dhéanamh leis.

Chuathas i dteagmháil ríomhphoist le Scannell ag lorg cead uaidh agallamh duine le duine a dhéanamh leis tríd an idirlíon ag baint úsáid as Google Video Chat, agus nótaí a thógáil le linn an agallaimh. Míníodh na ceisteanna taighde dó agus tugadh le fios go mbeadh trascríobh den agallamh foilsithe i dtráchtas MA de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Dhearbhaigh Scannell go raibh sé sásta an t-agallamh a dhéanamh.

Cinneadh go mbainfí úsáid as modh taighde an agallaimh leathstruchtúrtha mar tá sé solúbtha agus éifeachtach le heolas a bhailiú. D’fhéadfaí freagraí saibhre a fháil ar liosta de cheisteanna. Ní gá go gcloífí le hord na gceisteanna agus is féidir imeacht ó phríomhshruth an agallaimh gan impleachtaí tromchúiseacha a bheith aige seo ar an taighde. Ag an am céanna, tá sé mar sprioc ag an agallóir go bhfreagrófaí na ceisteanna uile (Bryman 2001), agus caithfear a bheith ábalta imeacht ón, agus teacht ar ais chuig an ord más gá. D’fhonn na míbhuntáistí thuasluaite a sheachaint beartaíodh gach iarracht a dhéanamh go rachadh ceisteanna an agallaimh le mo chuid ceisteanna taighde agus gan an rannpháirtí a threorú i dtreo freagraí áirithe. Tá trascríobh den agallamh le Kevin Scannell ar fáil in Aguisín 1.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s