3.4.2 Grúpa Fócais

Is é an rud a dhéantar i ngrúpa fócais ná plé oscailte a stiúradh le grúpa beag daoine ar cheisteanna a bhaineann leis an ábhar taighde. Déanann Morgan cur síos ar ghrúpa fócais mar: ‘a research technique that collects data through group interaction on a topic determined by the researcher’ (Morgan: 1996).

Is as an saol tráchtála a eascraíonn an grúpa fócais mar mhodh taighde. Úsáideadh iad sa taighde margaíochta chun tuairimí tomhaltóirí a fháil amach maidir le táirgí difriúla. Baineadh úsáid astu freisin chun dearcadh lucht féachana teilifíse a mheas. Ach le blianta beaga anuas tá an modh taighde seo á úsáid sna heolaíochtaí sóisialta freisin, oideachasóirí agus pleanálaithe ina measc, chun cabhrú le dearadh curaclaim nó le hathnuachana uirbeach, mar shampla.

Dar le Bryman (2004: 336) ‘The focus group has become a popular method for researchers examining the ways in which people in conjunction with each other construe the general topics in which the researcher is interested.

Is iad seo a leanas cuid de na príomhthréithe a bhaineann le grúpa fócais a chur i bhfeidhm:

  • bíonn 4-12 duine rannpháirteach
  • bíonn taithí ar leith acu ar ábhar an taighde
  • tugtar ‘an t-éascaitheoir’ ar an duine a stiúrann an seisiún plé
  • baintear úsáid as sraith leanúnach de cheisteanna réamhchumtha agus déantar plé oscailte orthu i seisiún idir 1-2 uair an chloig
  • déantar taifead ar an seisiún plé agus scríobhtar nótaí ar aon phointí suntasacha atá tugtha faoi deara.
  • is é príomhchuspóir an ghrúpa fócais sonraí cáilíochtúla a fháil ar an ábhar. Ní bhaineann sé le comhaontú a bhaint amach, fadhb a réiteach, nó cinneadh a dhéanamh.
  • déantar iarracht léargas a fháil ar mheon, ar mhothúcháin, agus ar chreidiúintí na rannpháirtithe

3.4.2.1                        Buntáistí

  • Tá grúpa fócais go maith chun mianta agus riachtanais páirtithe leasmhara a fháil amach i dtaobh ábhar ar leith agus bíonn taithí agus aiseolas tairbheach le fáil ón ngrúpa chomh maith.
  • Faigheann tú tuiscint ar smaointeoireacht na bpáirtithe leasmhara.
  • Cé gur modh taighde cáilíochtúil é an grúpa fócais, is modh fiúntach é chun rudaí a aithint ar chóir suirbhé cainníochtúil a dhéanamh fúthu amach anseo.
  • Tugann siad deis tuairimí agus freagraí níos doimhne a fháil ná mar a fhaightear i suirbhé, agus tá tú in ann aon doiléireacht a bhaineann le ceist nó freagra a shoiléiriú ar an bpointe.
  • Tá siad an-solúbtha agus soláthraíonn siad sonraí réadúla i dtimpeallacht shóisialta.
  • Faigheann tú torthaí ó ghrúpa fócais go tapa agus is féidir iad a dhéanamh ar chostas sách íseal. (Focus Group Guidelines: 2005)

3.4.2.2                        Míbhuntáistí

  • Ní chuireann grúpaí fócais sonraí cainníochtúla ar fáil agus ní féidir an t-eolas uathu a úsáid in anailís staitisticiúil.
  • Ní thugann grúpaí fócais léargas ar an bpobal iomlán agus níl siad úsáideach chun an todhchaí a mheas mar go bhfuil siad bunaithe ar na tuairimí atá ag daoine i suíomh agus ag am ar leith.
  • Níl siad éasca le láimhseáil agus is féidir torthaí míshásúla a bhaint astu mura ndéantar stiúradh ceart ar an bplé, mar shampla má bhíonn duine amháin ag caint an t-am ar fad, nó má bhíonn an plé ag dul i dtreo ró-scaoilte.
  • Tá sé ríthábhachtach go ndéantar réamhphleanáil don ghrúpa fócais chun é a stiúradh i gceart agus tógann sé cuid mhaith ama le heagrú, le cur le chéile, agus le hanailís a dhéanamh air.

3.4.2.3                        Cúrsaí Eitice

Dar le Krueger (1998) ‘A focus group is a carefully planned discussion designed to obtain perceptions on a defined area of interest in a permissive, non-threatening environment.’ (Krueger: 1998). Caithfidh an t-éascaitheoir cuimhneamh ar eitic taighde, go príomha:

  • Caithfear eolas soiléir a thabhairt do rannpháirtithe maidir le cuspóir an ghrúpa fócais le go mbeidh siad in ann cinneadh eolasach a dhéanamh sula n-aontaíonn siad go toil deonach go bhfuil siad sásta páirt a ghlacadh ann. Ní féidir aon úsáid a bhaint as an eolas tugtha i ngrúpa fócais nach raibh toilithe cheana féin.
  • Caithfear go mbeidh daoine cinnte go mbeidh meas tugtha ar rúndacht agus go mbeidh siad gan ainmniú in aon ráiteas nó i scríbhinn a eascraíonn as an ngrúpa fócais. Mura bhfuil meas ar rúndacht nó neamhainmníocht, seans nach mbeadh siad sásta plé oscailte a dhéanamh. Sa tráchtas seo, beartaíodh nach mbeadh ainmneacha na rannpháirtithe tugtha in aon tuairisc scríofa ar an ngrúpa fócais. Sa chás go ndéanfaí tagairt ar ráiteas nó tuairimí uathu, seasfadh litir aibítreach do na hainmneacha mar shampla, ‘Duine A, Duine B, etc.

Roghnaíodh grúpa fócais mar uirlis taighde mar is féidir leis an modh seo déileáil le topaic ar bhealach an-chuimsitheach. Faightear réimse smaointe agus mothúchán atá ag grúpa áirithe ar an ábhar. Tugtar eolas níos doimhne freisin ar na fachtóirí a imríonn tionchar ar thuairimí agus ar iompar na rannpháirtithe. Níl grúpa fócais éasca le láimhseáil, áfach, agus bhí réamhphleanáil thar a bheith tábhachtach don taighde.

3.4.2.4 Roghnú rannpháirtithe

Bhí an taighdeoir ag lorg tuairimí ó dhaoine a raibh ardchumas Gaeilge acu. Ar chúinsí praiticiúla bhain an taighdeoir leas as samplaí áise (rannpháirtithe a bhí in aice láimhe) agus ag an am céanna as sampláil chuspóiriúil (rannpháirtithe áirithe a bhfuil eolas ar leith acu ar an ábhar roghnaithe).

Molann Krueger (2001) a bheith airdeallach faoi dhaoine a mbeadh aithne ar a chéile, ach dar le Bryman (2004) is féidir gur straitéis earcaíochta an-mhaith é, ag brath ar an ábhar. Bhí sé deacair don taighdeoir rannpháirtithe a fháil don ghrúpa fócais nár casadh ar a chéile riamh iad, agus beartaíodh ‘grúpa nádúrtha’ a eagrú de rannpháirtithe a raibh baint acu leis an institiúid céanna ag an am sin.

Roghnaíodh triúr aistritheoirí agus múinteoir Gaeilge 3ú leibhéal. Bhí éagsúlacht eatarthu ó thaobh taithí, gnéis, aoise agus cúlra agus bhí idir chainteoirí dúchais agus neamhdhúchais ina measc.

  • Socraíodh dáta agus am don ghrúpa fócais a bhí feiliúnach do na rannpháirtithe uile.
  • Cuireadh seomra ranga de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in áirithe ansin agus rinneadh roinnt réamhphleanála ó thaobh trealaimh agus leagan amach an tseomra – cathaoireacha, boird etc. a eagrú sa tslí go mbeadh gach duine compordach agus a éascódh plé oscailte idir rannpháirtithe.
  • Roghnaíodh seomra ciúin ionas nach gcuirfeadh torann isteach ar an bplé agus ar an taifead fuaime.
  • Cuireadh bileog eolais (Aguisín 2b) le chéile le tabhairt amach ag tús an tseisiúin inar leagadh amach:
    • rialacha an ghrúpa fócais
    • eolas faoin ábhar plé
    • ceithre phríomhcheist le plé
    • liosta meabhrúcháin d’acmhainní foclóireachta/téarmaíochta Gaeilge atá ar fáil
  • Ghlac an taighdeoir ról an éascaitheora agus stiúradh an grúpa fócais an 19 Bealtaine 2010 ag 11.30 r.n. Tá achoimre ar an bplé tugtha in Aguisín 2, agus déantar anailís air i gCaibidil 6.
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s