3.4.3 Suirbhé ar Líne

Is bealach an-éifeachtach é suirbhé chun eolas cainníochtúil a bhailiú ar ábhar. Dar le Leray & Roberts is iomaí buntáiste a ghabhann le taighde suirbhéireachta a dhéanamh: ‘questionnaires are a practical and cost-efficient way of gathering information from large sample groups.’ (2005: 257). Theastaigh ón taighdeoir sonraí suas chun dáta maidir le húsáid na n-acmhainní teanga Gaeilge i measc grúpaí éagsúla agus roghnaíodh an modh suirbhéireachta mar shlí éifeachtach chun an beart sin a chur i gcrích.

Is é an ceistneoir an uirlis is mó úsáide sna staidéir theangeolaíochta atá déanta go dtí seo toisc é a bheith saor, éasca le cur le chéile agus an-phraiticiúil chun teacht ar shonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla. (Leray & Roberts: 257). Is iad na míbhuntáistí a bhaineann leis ná go gcaithfear é a dhearadh go cúramach mar is iomaí fadhb a ghabhann le ceisteanna atá róghinearálta nó mí-oiriúnach. Chomh maith leis sin, uaireanta bíonn freagairt íseal ar cheistneoirí agus caithfear é a dhearadh ar shlí a mheallfadh daoine isteach agus a bheadh éasca dóibh a líonadh.

3.4.3.1             Aidhm an tSuirbhé

Ba é an aidhm leis an suirbhé eolas cainníochtúil agus cáilíochtúil a bhailiú ó lucht scríofa na Gaeilge maidir leis na háiseanna foclóireachta atá in úsáid acu, féachaint an mbeadh éileamh ar uirlis shaibhir lánGhaeilge a d’fhéadfaí a chur san áireamh ann.

3.4.3.2             Ullmhúchán don Suirbhé

Ag tús mhí an Mhárta cíoradh samplaí de thaighde ar úsáid agus úsáideoirí foclóirí go dtí seo agus atá luaite i gCaibidil a Dó. Bhí tráchtas a scríobh Daithí MacLochlainn do SALIS – Scoil na dTeangacha Feidhmeacha agus Staidéar Idirchultúrtha thar a bheith cabhrach freisin mar bhain sé go sainiúil leis an nGaeilge agus le taighde turgnamhach a rinne sé ar úsáideoirí Focal.ie (MacLochlainn: 2008). Bhain MacLochlainn úsáid as an mbogearra idirlín SurveyMonkey dá shuirbhé féin, agus fuair an taighdeoir roinnt moltaí i leith an bhogearra seo ó chomhghleacaithe acadúla freisin. Thug an taighdeoir cuairt ar shuíomh SurveyMonkey agus baineadh leas as an litríocht a chur siad ar fáil maidir le suirbhéanna maithe a chruthú ar líne agus conas anailís a dhéanamh ar thorthaí ag baint úsáid as a gcuid uirlisí staitistiúla. Beartaíodh SurveyMonkey a úsáid don suirbhé seo ar na cúinsí seo a leanas:

  • tá sé an-éasca le húsáid
  • tugtar litríocht agus treoir mhaith don úsáideoir
  • tá uirlisí[1] agus feidhmeanna úsáideacha ag gabháil leis an mbogearra
  • tá bunleagan den bhogearra saor in aisce, agus costas íseal ar an leagan uasghrádaithe
  • tá sé in úsáid go forleathan i gcomhthéacs tráchtais acadúla

Ar dtús bhí sé i gceist ag an taighdeoir suirbhé a dhéanamh ar shampla d’aistritheoirí amháin ach tar éis di taighde a dhéanamh ar an mbogearra SurveyMonkey ba léir di go mbeadh sé éasca scagadh a dhéanamh ar fhreagróirí trí cheist amháin a chur ag an tús a dhéanfadh rangú ar na freagróirí dé réir réimse na Gaeilge lena mbaineann siad. Beartaíodh go mbeadh sé suimiúil an deis a thapú agus eolas a bhailiú ó shampla níos leithne ansin. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as na huirlisí scagaire chun anailís agus comparáid a dhéanamh idir freagraí ó aistritheoirí agus freagraí ó ghrúpaí éagsúla eile ar nós mac léinn, lucht gnó, etc.  Ceal spáis agus ama, áfach, ní dhéanfar anailís sa miontráchtas seo ach ar na torthaí a bhfuarthas ó fhreagróirí go ginearálta.

3.4.3.3             Dréachtú agus leagan amach an tsuirbhé

Rinneadh dréacht den suirbhé i bhfoirm doiciméid Microsoft Word ar dtús mar bheadh sé níos éasca léamh profaí a dhéanamh air agus a thaispeáint do chomhghleacaithe chun aiseolas tosaigh a fháil air. Shoiléirigh an próiseas sin an cineál eolais a bhí ag teastáil ón suirbhé agus chabhraigh sé lena chinntiú go mbeadh na ceisteanna soléite, sothuigthe agus éasca le freagairt. Cinneadh an leagan amach de réir na gcatagóirí seo a leanas:

  • gairm bheatha an fhreagróra
  • na hacmhainní foclóireachta Gaeilge a bhaintear úsáid as, ar bhonn minicíochta
  • an t-éileamh atá, no a d’fhéadfadh a bheith ann ar acmhainní lánGhaeilge
  • tuairimí agus moltaí na bhfreagróirí

Is iomaí rogha atá ann ar an múnla a chuirtear ar cheist. Toisc go raibh eolas cainníochtúil agus cáilíochtúil á lorg don taighde seo, baineadh úsáid as ceisteanna dúnta, ceisteanna leathdhúnta agus ceisteanna scálaí rátála. Tugann siad uile eolas cainníochtúil, ach is é an buntáiste atá leis an gceist leathdhúnta (Fíor 5), nó ‘a partially close-ended question’ mar a thugann Salant & Dallman (1994:84) uirthi, go bhfuil rogha ‘oscailte’ ag deireadh ceiste dúnta. Faightear freagraí le breis eolais agus tuairimíocht na rannpháirtithe agus sa chaoi sin is féidir eolas cáilíochtúil a bhailiú go héifeachtach.

D’fhonn níos mó daoine a mhealladh chun bheith páirteach i suirbhé ar líne moltar sa treoirleabhair SurveyMonkey go dtabharfaí eolas dóibh ón tús faoin méid ama a thógfadh sé chun an suirbhé a chomhlíonadh agus gur fearr gan dul thar 10 gceist agus cúig nóiméad más féidir. Rinneadh iarracht cloí le comhairle eile a fuarthas ó shuíomh SurveyMonkey i leideanna eile mar seo a leanas:

  • Ní mór ceisteanna a choinneáil gonta, simplí agus soiléir agus gan ach ceist amháin a chur ag an am amháin.
  • Ní mór ceisteanna a choinneáil oibiachtúil. Caithfidh go mbeadh foclaíocht agus leagan amach na gceisteanna glan d’aon treoir nó tuairimíocht a d’fhéadfadh a bheith ag an taighdeoir. (SurveyMonkey: 2010: 4-6)

Dar le Salant & Dillman (1994: 167) tá dualgas ar an té atá i bhfeighil suirbhé a chur le chéile príobháideacht na bhfreagróirí a chosaint:

‘interviewers should never discuss any particular respondent associated with the project. Regardless of the method, it also means that results will never be presented in a way to reveal data from an individual respondent’.

Is mar gheall air seo a tugadh an ráiteas ag tús an tsuirbhé ‘go ndéileálfar leis an eolas ar fad a chuirfear ar fáil faoi dhian-rún’ chun cloí go hiomlán le modh suirbhéireachta eiticiúil agus rúnda.

3.4.3.4             Tástáil an tsuirbhé

An 13 Aibreáin 2010, iarradh ar chúigear léachtóirí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh triail a bhaint as an suirbhé ar líne sular seoladh amach é. Seoladh foirm chucu mar sheicliosta d’aiseolas uathu faoin suirbhé (Aguisín 3)

Fuarthas go leor aiseolas úsáideach ó na léachtóirí ollscoile agus rinneadh roinnt athruithe sa dearadh agus san fhoclaíocht. Mar shampla, tar éis moladh ó dhuine amháin athraíodh ‘comhthéacs Gaeilge-Gaeilge’ go ‘comhthéacs lánGhaeilge’ mar fhriotal níos deise agus níos sothuigthe. Cheap duine eile go raibh an iomarca roghanna i gceist 7 agus rinneadh athscríobh air ar bhealach níos gonta. Cuireadh na hathruithe i bhfeidhm ar an gceistneoir ar líne in SurveyMonkey, agus thástáil mé féin é den uair dheireanach. Tá bunchóip ghlan den suirbhé in Aguisín 4.

Scríobh mé ríomhphost (Aguisín 5) inar tugadh cuireadh do dhaoine páirt a ghlacadh sa suirbhé. Cruthaíodh nasc idirlín ó SurveyMonkey agus cuireadh isteach sa ríomhphost é sa chaoi go mbeadh an duine treoraithe díreach chuig an gcéad leathanach den suirbhé. Socraíodh ar SurveyMonkey an suirbhé a oscailt d’fhreagróirí ar feadh trí seachtaine, idir 15 Aibreáin agus 7 Bealtaine 2010.

3.4.3.5             Dáileadh an tsuirbhé

Ba iad spriocfhreagróirí an tsuirbhé daoine a raibh ardchumas Gaeilge acu. Labhair mé le mo stiúrthóir maidir leis an mbealach is fearr le díriú ar an ngrúpa sin. Fuair mé liosta de 300 seoladh ríomhphoist ó riarachán na hollscoile ina raibh teagascóirí Gaeilge chomh maith le mic léinn ollscoile a bhí ag déanamh staidéir trí Ghaeilge. Seoladh mo ríomhphost chuig an ngrúpa sin an 15 Aibreán 2010. Ina theannta sin, sheol mé an ríomhphost céanna chuig an bhfóram plé ar http://www.acmhainn.ie ag tabhairt cuireadh d’aistritheoirí agus do scríbhneoirí Gaeilge le páirt a ghlacadh sa suirbhé. Dúnadh an suirbhé 7 Bealtaine 2010 agus fuarthas 121 freagra air, 111 díbh sin a bhí comhlánaithe go hiomlán. Pléifear torthaí an tsuirbhé i gCaibidil 6.


[1] Úsáidtear an bogearra staitistiúil SPSS de ghnáth chun anailís a dhéanamh ar aschuir an cheistneora agus na torthaí a chur ar fáil i bhfoirm tháblach (Ramos: 2005) ach baineadh úsáid as bogearra staitistiúil atá ag gabháil le SurveyMonkey.com mar chuid den taighde seo, agus a bheidh á phlé i gCaibidil 6.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s