3.5 Modh Anailíse

Déantar iarracht i dtaighde cáilíochtúil tuiscint a fháil ar an gcaoi a smaoiníonn daoine i dtaobh ábhar ar leith. Tá sé ríthábhachtach go gcoimeádfaí cuntas scríofa ar an taighde ar fad agus ar thuairimíocht na rannpháirtithe. Déantar anailís ar an taighde trí na cuntais agus na freagraí scríofa a chíoradh chun téarmaí coitianta a aithint agus iad a rangú de réir catagóirí, nó de réir próisis códaithe.

Dar le Maykut & Morehouse ‘The process of qualitative data analysis is one of culling for meaning from the words and actions of the participants in the study’ (1994:128)

Tógadh nótaí le linn an agallaimh aonair agus clóscríobhadh amach iad ar an lá céanna (Aguisín 1) Scríobhadh garbhchuntas ar an agallamh ansin inar breacadh síos téamaí áirithe chomh maith le rudaí suntasacha a tugadh faoi deara.  Is ar an dá cháipéis sin atá an anailís ar an agallamh bunaithe.

I gcás an ghrúpa fócais, rinneadh taifead fuaime den seisiún plé a bhí thart ar 90 nóiméad. Clóscríobhadh achoimre ar an méid a bhí ann trí éisteacht go cúramach leis an taifead. Déantar anailís ar na freagraí trí scagadh a dhéanamh ar mhórthéamaí agus ar mhiontéamaí a tháinig chun cinn le linn an phlé.

Is eolas cainníochtúil den chuid is mó a bailíodh sa suirbhé agus baineadh leas as na huirlisí anailíse atá ar fáil in SurveyMonkey chun na freagraí a phlé. Taispeántar na torthaí i bhfoirm léaráidí – cairt, barrachairteacha agus araile agus déantar trácht ar an eolas a léirítear i ngach ceist. Bailíodh cuid mhaith eolas cáilíochtúil i gceisteanna áirithe sa suirbhé agus déantar an t-eolas sin a chíoradh freisin, féachaint an bhfuil téamaí coitinne nó tuairimí suntasacha ann ar féidir cur leis an méid eolais a fuarthas ón agallamh agus ón suirbhé. Pléitear ansin na príomhthéamaí a tháinig chun cinn san eolas cáilíochtúil agus cainníochtúil, féachaint orthu i gcomhthéacs agus le hais na gceisteanna taighde.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s