C6 – Anailís

Sa chaibidil seo déantar anailís ar thorthaí an taighde a fuarthas ón agallamh aonair (Aguisín 1), ón ngrúpa fócais (Aguisín 2) agus ón suirbhé (Aguisín 6).
Tugtar aghaidh ar na hacmhainní teanga atá ar fáil do lucht scríofa na Gaeilge, féachaint ar phríomhcheist an taighde a chíoradh: an bhfuil bearna i measc na n-áiseanna foclóireachta, ar féidir le Líonra Séimeantach na Gaeilge a líonadh?
Tar éis don taighdeoir téamaí coitianta a aithint i measc an eolais ar fad, breathnaítear anseo ar na torthaí le chéile agus pléitear na príomhthéamaí a tháinig chun cinn. Déantar tagairt mar is cuí ar ghnéithe den agallaimh le húdar Líonra Séimeantach na Gaeilge, Kevin Scannell. Baintear leas freisin as na smaointe a fuarthas ó aistritheoirí agus teagascóir Gaeilge i ngrúpa fócais, agus pléitear na torthaí a fuarthas ón suirbhé ar líne.

6.1  Maidir leis an Suirbhé

Fuarthas 121 freagra ar an suirbhé ar líne, agus astu siúd thug 111 freagróir freagra ar gach ceist. Is ar 111 ceistneoir comhlánaithe atá na figiúirí agus na cairteacha sa chaibidil seo bunaithe. Léirítear i  gCeist 1 thíos próifíl na rannpháirtithe a ghlac páirt sa suirbhé.

Ceist 1: Próifíl na bhFreagróirí

De bharr an liosta de sheoltaí ríomhphoist a fuarthas ó oifig riaracháin na hOllscoile, is dóigh leis an taighdeoir go mbaineann an 43.2% ón ngrúpa Oideachas le teagascóirí Gaeilge sna hinstitiúidí 3ú leibhéal den chuid is mó. Bheadh mic léinn agus roinnt aistritheoirí i gceist leis an liosta céanna.

Seoladh ríomhphost chuig fóraim www.daltai.com agus www.acmhainn.ie freisin chun tuilleadh aistritheoirí agus grúpaí eile a mhealladh chuig an suirbhé.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s