6.2 Úsáid Acmhainní Teanga

Fiafraíodh den ghrúpa fócais cé acu de na hacmhainní foclóireachta ar bhain siad an úsáid is mó astú sa trí mhí a bhí thart agus is iad seo a leanas na hacmhainní a luaigh an grúpa:

Moladh an saibhreas teanga atá ar fáil i leabhair eile, mar shampla, Foirision Focal as Gaillimh (de Bhaldraithe), An Béal Beo  agus Liosta focail as Ros Muc (T.S. Ó Máille).

Bhain ceist 2 agus 3 sa suirbhé leis na foinsí is mó a úsáidtear idir leabhair agus áiseanna leictreonacha. Léirigh torthaí Cheist 2 thíos gurb iad na leabhair is mó a úsáidtear Foclóir Uí Dhónaill, Foclóir de Bhaldraithe, Foclóir Uí Dhuinnín, An Foclóir Beag agus Gaoth an Fhocail. Tugadh moltaí faoi roinnt teideal nach raibh luaite sa cheist féin e.g. Foclóir Mhic Cionnaith, A Concordance of the Idiomatic Expressions of Séamus Ó Grianna agus a lán eile. Is féidir breathnú go mionsonrach ar na moltaí sin ar fad sna torthaí ina iomláine tugtha in Aguisín 6.

Ceist 2 - Minicíocht úsáide acmhainní teanga (leabhair)

Rinneadh fiosrúchán ar na háiseanna leictreonacha i gCeist 3 agus is é focal.ie atá ar barr an ranga mar rogha laethúil ag beagnach 60% d’fhreagróirí. Os a chionn sin tá sé in úsáid ag 28% go rialta, agus ag 7.5% go minic. Is é Gléacht/Wingléacht an dara rogha is fearr, agus an Foclóir Beag ina dhiaidh sin.

Ceist 3 - Minicíocht úsáide acmhainní teanga (leictreonach)

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s