6.3 An bhfuil bearna ann?

Dar leis an taighdeoir tá daoine measartha sásta leis na hacmhainní dátheangacha atá ar fáil dóibh, ach go bhfuil tnúth mór le teacht amach an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge. Léiríodh an tuairim sin sa ghrúpa fócais.

‘Tá de Bhaldraithe as dáta agus go leor rudaí nua-aimseartha ar iarraidh ann, ach fós féin tá sé úsáideach go maith agus murach é bheadh muid i sáinn go minic.’ (Aguisín 2 – Grúpa Fócais).

Bhí meas ar fhoclóir Uí Dhónaill freisin ach bhí díomá ar roinnt daoine nach raibh an t-eolas iomlán atá sa leabhar ar fáil in WinGléacht. Moladh go mbeadh foclóir Uí Dhónaill ar fáil i bhfoirm PDF inchuardaithe. Theastaigh uaidh daoine teacht éasca leictreonach a bheith acu ar na habairtí samplacha agus ar an saibhreas teanga ar fad atá sa leabhar (Aguisín 2).

Aithníodh an bearna is suntasaí nuair a díríodh ar acmhainní lánGhaeilge. Níl ar fáil faoi láthair ach an foclóir analógach Gaoth an Fhocail agus an Foclóir Beag. Is é an Foclóir Beag is mó a úsáidtear agus fuarthas aiseolas ó rannpháirtithe an taighde gur áis an-chabhrach é. An téama coitianta a luaitear leis, áfach, is ea go bhfuil líon na bhfocal róbheag agus nach bhfuil téarmaí comhaimseartha ann. Fuarthas aiseolas ón ngrúpa fócais go bhfuil bearna ann i dtaobh acmhainní lánGhaeilge a bheith ar fáil. Moladh go dtabharfaí an Foclóir Beag suas chun dáta agus go ndéanfaí forbairt air chun líon na bhfocal a mhéadú ar bhonn leanúnach (Aguisín 2).

Creideann Scannell go bhfuil bearna ann freisin sa mhéid go bhfuil foclóir lánGhaeilge ag teastáil ar leibhéal níos airde:

“Níl ach 13,000 ceannfhocal (nó mar sin) san Fhoclóir Beag, agus níl a lán focail “deacra” ann.  Ceapaim gurb é sin an rud is tábhachtaí i bhfoclóir aonteangach! Mar sin níl go leor úsáid ann, dar liomsa, go háirithe más cainteoir líofa nó foghlaimeoir ardleibhéil thú  – sin é an lucht a d’úsáidfeadh foclóir aonteangach.” (Aguisín 1 – Agallamh le Kevin Scannell:2010)

Is chuig foclóir aonteangach a théitear de ghnáth chun míniú nó téarma comhchiallach ar fhocal a aimsiú sa teanga bhunaidh. Léirítear sna torthaí a fuarthas ó Cheist 4 sa suirbhé go mbíonn freagróirí ag lorg téarma eile Gaeilge ar fhocal Gaeilge go laethúil (17%), go rialta (25%) agus go minic (33%).

Ceist 4 - Minicíocht cuardaithe ar théarma comhchiallach

Fiosraíodh an mbeadh éileamh ar theasáras/foclóir mór Gaeilge-Gaeilge i gCeist 7, agus fuarthas freagairt an-ard i bhfabhar a leithéid a bheith ann.

Ceist 7 – Minicíocht úsáide foclóir lánGhaeilge a d’fhéadfadh a bheith ann

Bhainfí breis is 90% d’fhreagróirí úsáid as. Tacaíonn torthaí cheist 4 agus 7 leis na tuairimí eile ón ngrúpa fócais agus ó Scannell go bhfuil bearna ann ó thaobh acmhainní lánGhaeilge, agus go bhfuil éileamh ar theasáras/foclóir mór aonteangach.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s