6.4 Cá bhfuil an t-éileamh?

Rinneadh scagadh ar na torthaí a fuarthas ar Cheist 7 chun fáil amach cé hiad i measc na ngrúpaí éagsúla sa suirbhé a d’fhreagair ‘go minic’, go rialta’ agus ‘gach lá’ maidir le cé chomh minic is a bhainfí úsáid as foclóir mór aonteangach dá mbeadh a leithéid ar fáil.

Léirítear sa chairt thíos gurb é an grúpa a bhain le hoideachas (teagascóirí) an grúpa is mó, agus Gnó Aistriúcháin gar ina dhiaidh sin. Déantar anailís ar na torthaí anseo, agus tuairimí ón agallamh agus ón ngrúpa fócais a chur san áireamh.

Scagadh ar Cheist 7 (Minicíocht úsáide foclóir lánGhaeilge) de réir grúpa

6.4.1  Teagascóirí Gaeilge

Is minic a chaithfidh teagascóirí Gaeilge míniú trí Ghaeilge a thabhairt sa seomra ranga ar fhocal nó ar choincheap casta a thagann as téacsleabhar. Pléadh fadhbanna teagaisc agus téarmaíocht Ghaeilge sa ghrúpa fócais. Bhí taithí múinteoireachta ag duine amháin a dhearbhaigh ‘Braithim go bhfuil foclóir Gaeilge ag teastáil cinnte do dhaoine atá ag múineadh na Gaeilge.’ (Aguisín 2: Grúpa Fócais). Dar leis an taighdeoir d’fhéadfadh foclóir mór comhaimseartha a bheith mar áis chabhrach dóibh mar uirlis teagaisc.

6.4.2  Gnó Aistriúcháin

Is é an Gnó Aistriúcháin an chéad mhórghrúpa eile a léiríonn suim i bhfoclóir aonteangach. Is cinnte go mbeadh foclóir lánGhaeilge ina uirlis bhunúsach agus riachtanach don ghnó sin. Teastaíonn uathu scríbhneoireacht soléite agus sothuigthe a chur ar fáil. I dtuairim an taighdeora chuideodh foclóir lánGhaeilge le barr a gceirde a bhaint amach.

6.4.3  Mic Léinn

Chonacthas ón taighde ar úsáid foclóirí (Caibidil 2) gurb é an foclóir dátheangach an chéad rogha ag foghlaimeoirí teanga ar an mbunléibhéal, ach go mbaintear níos mó úsáide as foclóir aonteangach de réir mar a fhorbraíonn a gcumas. Thabharfadh sé deis mhaith le cumas nádúrtha na teanga a fhoghlaim seachas a bheith ag déileáil go dátheangach leis an mBéarla an t-am ar fad. I gcás na Gaeilge níl acmhainn aonteangach níos cuimisithí ar fáil ná an Foclóir Beag, leabhar a bhí dírithe ar dhéagóirí 20 bliain ó shin. Ceapann Scannell go dteastaíonn foclóir aonteangach go géar ó fhoghlaimeoirí agus labhair sé faoina thaithí féin mar fhoghlaimeoir na Gaeilge:

‘Déarfainn go gcuireann sé isteach go mór ar chumas nádúrtha na teanga a fhoghlaim agus tú ag déileáil go dátheangach leis an mBéarla beagnach an t-am ar fad. …foghlaimíonn tú gach rud trí scagadh éigin, trí pheirspictíocht an Bhéarla, agus cailleann tú an smaointeoireacht agus an friotal dúchais.’ (Aguisín 1: Agallamh le Kevin Scannell:2010)

6.4.4  Na Meáin Chumarsáide

Bíonn ar na meáin chumarsáide téarmaí a chinntiú go beacht agus is minic a bhíonn orthu téarma a chumadh ar rud nua sa saol, ceal téarma oifigiúil a bheith ann ag an am. Tá ról fíorthábhachtach ag na meáin freisin maidir le téarmaíocht nua a scaipeadh agus a chur i mbéal an phobail. Bíonn cruthaitheacht i gceist uaireanta leis an ngrúpa seo ó thaobh píosa tarraingteach nó siamsúil a scríobh agus bheadh sé tábhachtach go mbeadh réimse leathan teanga ar fáil. Ba mhór an cuidiú foclóir lánGhaeilge a bheith ann dóibh.

6.4.5  Scríbhneoirí Cruthaitheacha

Ní gach lá a bhainfeadh an grúpa seo úsáid as foclóir lánGhaeilge de réir thorthaí Ceist 7, ach tá cuid mhaith a d’fhreagair ‘go minic’ agus ‘go rialta’. Dar leis an taighdeoir is grúpa an-tábhachtach é seo ó thaobh an teanga bheo a shaothrú agus a fhorbairt i bhfoirm scríofa. Bheadh sé tábhachtach saibhreas teanga agus canúintí éagsúla a chuimsiú i bhfoclóir lánGhaeilge a chuideodh leis an bpróiseas cruthaitheach a bheadh ar bun acu.

6.4.6  An tSeirbhís Phoiblí agus Gnó Tráchtála

Bíonn neart ábhair le foilsiú i nGaeilge ag an tSeirbhís Phoiblí agus chuideodh foclóir lánGhaeilge ina gcuid oibre. Tá daoine i réimse an Ghnó Tráchtála a léirigh suim freisin ar bhonn ‘gach lá’ agus ‘go rialta’.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s