6.6 Cén tábhacht atá le foclóir mór aonteangach

I gCeist 9 fiosraíodh faoin tábhacht atá le foclóir mór lánGhaeilge a bheith ar fáil níos luaithe ná 2037. Mheas 84% d’fhreagróirí go raibh sé tábhachtach go mbeadh foclóir mór aonteangach ar fáil níos luaithe ná sin, agus tugadh roinnt tuairimí ar an ábhar.

Ceist 9 – an tábhacht atá le foclóir lánGhaeilge a bheith ar fáil

Ceist 9 - Tuairimí freagróirí ar cheist 9 den suirbhé

Pléadh an cheist sa ghrúpa fócais agus d’aontaigh cách sa ghrúpa gur mhaith leo acmhainn níos cuimsithí ná an Foclóir Beag a bheith ann i bhfad níos luaithe ná sin.

“B’fhearr liom gan a bheith ró-uaillmhianach amach is amach ag an tús ach go gcuirfí rud atá níos fearr ar fáil taobh istigh de dhá bhliain seachas a bheith ag caitheamh tríocha bliain ar rud foirfe. Agus bheadh tú in ann a chur leis de réir a chéile.” (Aguisín 2: Grúpa Fócais, 2010)

‘Tá práinn leis, mar táimid ag rá go mb’fhéidir seo an ghlúin dheireanach de chainteoirí dúchais, tá sé an-tábhachtach.” (ibid)

Cíoradh na tuairimí a fuarthas ón taighde ar fad a rinneadh chun a fháil amach ó na rannpháirtithe cén tábhacht atá le foclóir mór lánGhaeilge. D’aithin an taighdeoir ceithre ábhar plé a tháinig chun cinn go rialta:

(1)       An Béarlachas a laghdú

In ainneoin an fhreagra dhearfaigh mhuinínigh a tugadh ar Cheist 6 (minicíocht a aimsítear toradh sásúil ó na foinsí atá ann), ní mór smaoineamh ar chaighdeán na hoibre sna réitigh a aimsítear, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an dátheangachas air. Dar le duine amháin on ngrúpa fócais:

“Feicim an tionchar atá an Béarla ag imirt ar an nGaeilge mar go bhfuil daoine ag dul go na foclóirí Béarla-Gaeilge, ag smaoineamh trí Bhéarla agus ag tagairt do shaol an Bhéarla.” (Aguisín 2)

Dúirt cainteoir dúchais a fuair oideachas lánGhaelach sa Ghaeltacht go raibh an Béarlachas chomh dona sin ina leabhar eolaíochta sa scoil ‘bhíomar uile ag iarraidh an leabhar Béarla mar ní rabhamar in ann an leabhar Gaeilge a thuiscint’ (ibid). Cheap daoine sa ghrúpa fócais go mbeadh caighdeán aistriúcháin níos fearr dá mbeadh foclóir mór aonteangach ann (ibid).

Chuir freagróir amháin ón suirbhé in iúl:

“Tá sé craiceáilte a bheith i dtuilleamaí theanga eile (an Béarla) agus bunchuardach á dhéanamh sa Ghaeilge. Caithfear go gcailltear ciall san aistriúchán.” (Aguisín 6: Torthaí an Suirbhé)

Is é tuairim an taighdeora ón taithí a fuarthas go dtí seo i réimse an aistriúcháin go gcailltear ciall san aistriúchán go minic tríd a bheith ag smaoineamh trí Bhéarla agus go bhfuil comhréir na Gaeilge nádúrtha á chailleadh mar gheall air freisin. Measann an taighdeoir go gcuideodh foclóir aonteangach le smaointeoireacht leanúnach a dhéanamh trí Ghaeilge, agus le comhréir na teanga nádúrtha a chleachtadh go rialta.

(2)       Cailleadh Fearainn a Mhaolú

Tugtar ‘cailleadh fearainn’ ar an bhfeiniméan nuair nach féidir cumarsáid shásúil a dhéanamh níos mó i réimse áirithe an tsaoil de bharr brú seachtrach ó ollteanga eile. De réir a chéile, baintear níos lú úsáide as an teanga dhúchais i réimsí áirithe go dtí nach mbíonn an friotal dúchasach faoi na hábhair sin ar eolas níos mó, fiú ag gnáthchainteoirí an lae (Haberland, 2005). Ní hé go mbaineann cailleadh fearainn leis an nGaeilge amháin – is feiniméan é atá ag éirí níos coitianta i measc cuid mhaith teangacha Eorpacha le leathchéad bliain anuas (Mechura: 2007).

Is i réimse na téarmeolaíochta atá an dul chun cinn is suntasaí déanta ar an teanga ó Ré na hAthbheochana go dtí an lá atá inniu ann de réir Caoilfhionn Nic Pháidín in A New View of the Irish Language. Mar thoradh diúltach ar an rath a bheith ar uirlisí téarmaíochta measann sí go gcuirtear an cailleadh suntasach de shaibhreas na teanga nádúrtha faoi cheilt.

‘The major area of expansion in Irish since the revival project commenced over a century ago was terminology, and its growth has masked to some extent the huge domain loss in the traditional lexicon of native speakers.’ (Nic Pháidín, 2008:102).

Mheas duine ón ngrúpa fócais go mb’fhéidir go gcuideodh foclóir lánGhaeilge leis an gcailleadh seo a laghdú:

‘Beidh tionchar Béarla i gcónaí ar an nGaeilge is dóigh, is cuma céard a tharlóidh ach muid ag iarraidh é a mhaolú. Ach b’fhéidir go gcuideodh foclóir lánGhaeilge le cuid de dhúchas na teanga atá, nó a bhí ann, a thabhairt ar ais.’ (Aguisín 2:2010)

Chuir Kevin Scannell, leis an tuairim sin nuair a luaigh sé ceann de na fáthanna a bhfuil suim aige foclóir aonteangach a fhorbairt as sonraí LSG.

… treisíonn úsáid na n-acmhainní dátheangacha tionchar an Bhéarla ar an nGaeilge. Ceapaim go bhfuil sé sin le feiceáil go láidir anois i scríobh na Gaeilge an lae inniu. Tá caillteanas ag tarlú i réimsí na teanga nádúrtha ag an am céanna. Dá mbeadh daoine ag foghlaim agus ag cleachtadh na Gaeilge go haonteangach, b’fhéidir nach mbeadh na fadhbanna sin chomh dona agus atá.’ (Aguisín 1)

Is é tuairim an taighdeora gur féidir cailleadh fearainn a mhaolú má bhaintear leas as corpas saibhir teanga i dtógáil foclóra lánGhaeilge.

(3)       Foghlaimeoirí agus Tumoideachas

Is minic a bhíonn foclóir Béarla-Béarla ag foghlaimeoir an Bhéarla, abair duine ón tSeapáin nó ón nGearmáin, mar shampla. Luíonn sé le réasún go mbainfeadh an duine céanna úsáid as foclóir Gaeilge-Gaeilge dá mbeadh siad ag tabhairt faoin nGaeilge a fhoghlaim, agus bheadh bac an Bhéarla mar idirtheanga bainte as.

Thuig an taighdeoir ó chainteoir dúchais sa ghrúpa fócais nach dteastódh foclóir lánGhaeilge ó fhoghlaimeoirí na teanga mar bheadh sé ró-dheacair dóibh a thuiscint (Aguisín 2).

Ach dar le Scannell, foghlaimeoir a bhfuil Gaeilge mhaith aige, teastaíonn foclóir mór lánGhaeilge go géar ó fhoghlaimeoirí chun cleachtadh a fháil ar a bheith timpeallaithe ag an teanga agus ar a gcuid smaointe ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge (Aguisín 1).

Tacaíonn na torthaí ón scagadh a rinneadh ar Cheist 7 (minicíocht úsáide teasáras/foclóir lánGhaeilge) leis an go bhfuil éileamh suntasach ar fhoclóir lánGhaeilge, sa chóras oideachais, idir theagascóirí agus mhic léinn araon.

Maidir leis an ról a d’fhéadfadh foclóir lánGhaeilge a imirt i dtumoideachas, mhol duine ón ngrúpa fócais go mbeadh sé mar áis chabhrach ‘dóibh siúd atá ag tógáil clann le Gaeilge sa bhaile, fiú sa Ghaeltacht féin, don dream atá tagtha isteach sa chóras oideachais gan mórán Gaeilge acu.’ (Aguisín 2).

Is é tuairim an taighdeora go gcuideodh foclóir comhaimseartha lánGhaeilge leis an teanga a fhoghlaim níos fearr, go háirithe dóibh siúd a bhfuil suim acu líofacht sa teanga a bhaint amach.

(4)       Stádas na teanga

“Is cuma sa deabhal fé ‘stádas’ na teangan ach í a bheith á húsáid i gceart….” a chuir freagróir amháin in iúl i gceist 10 den suirbhé (Aguisín 6). Agus aontaíonn an taighdeoir leis sin, gurb é an cruinneas i labhairt agus scríobh na Gaeilge nádúrtha an rud is mó a theastaíonn. Os a chionn sin, i gCeist 10, mheas 88% d’fhreagróirí go bhfuil sé tábhachtach i dtaobh stádais na teanga féin foclóir mór Gaeilge-Gaeilge a bheith ann.

Ceist 10 – Foclóir lánGhaeilge agus stádas na teanga

Cén chaoi a bhfuil foclóir lánGhaeilge tábhachtach do stádas na teanga? Tháinig an tuairim chun cinn sa ghrúpa fócais gurb argóint é dóibh siúd a bhíonn ag déanamh beag is fiú den teanga nuair atá siad ag iarraidh caitheamh anuas uirthi – ‘níl fiú amháin foclóir Gaeilge-Gaeilge agaibh.’

Dúradh freisin go mbíonn an dearcadh ann: ‘nach bhfuil aon sofaisticiúlacht ag baint leis an teanga, nach féidir cur síos ar rudaí áirithe.  Sin a cheapann go leor daoine toisc foclóir beag atá ann faoi láthair, nach ea. Cé go bhfuil saibhreas iontach sa teanga agus tá sin ag dul i ndearmad. Agus is buanú é an scríobh.’ (Aguisín 2: 2010)

Ní dóigh leis an taighdeoir go mbeadh blianta fada agus an t-uafás airgid caite ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge mura mbeadh tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leis. Níl aon dabht ach go dtabharfaidh sé gradam don teanga agus don tír nuair a thiocfaidh sé amach. Chuir roinnt rannpháirtithe sa suirbhé an tuairim in iúl go gcaithfear tús áite a thabhairt don tionscadal sin. Scríobh duine amháin acu ‘gur ceart sciar ollmhór d’aon mhaoiniú a bheadh ar fáil a chaitheamh ar Fhoclóir Stairiúil Acadamh Ríoga na hÉireann, agus é a bheith déanta sa tslí go bhféadfaí gach eolas a nascadh go leictreonach le gach áis foclóireachta eile.’ (Aguisín 6: 2010)

Labhair an taighdeoir le Kevin Scannell maidir lena thuairim faoin smaoineamh thuas. Dar leis tá ‘obair agus maoiniú ollmhór i gceist leis an bhfoclóir sin, ní dóigh liom gur féidir é a thabhairt chun críche go ceann blianta fada amach anseo. Teastaíonn foclóir lánGhaeilge i bhfad níos luaithe ná sin.’(Aguisín 1:2010)

Is é tuairim an taighdeora nach ndéanfaí aon dochar do stádas na teanga foclóir comhaimseartha lánGhaeilge a chur ar fáil sa tréimhse fhada idir an dá linn. Má dhéantar go maith é, d’fhéadfadh sé stádas a bhaint amach don teanga mar shaothar pobalbhunaithe.


Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s