6.8 Tréithe Inmhianta i bhFoclóir LanGhaeilge

I gceist 8 tugadh liosta de thréithe inmhianta a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i bhfoclóir Gaeilge agus iarradh ar fhreagróirí na tréithe sin a mheas ar bhonn ráta scálaithe 1-5.

Ceist 8: Tréithe Inmhianta i bhFoclóir lánGhaeilge (Rogha 1-5)

In ord tosaíochta, is iad seo a leanas na tréithe de réir mar a thug freagróirí an chéad rogha (uimhir 1) orthu.

  1. An focal ceart a aimsiú  (85.2%)
  2. Abairtí samplacha a léiriú  (48.5%)
  3. Réimse leathan teanga seachas téarmaíocht amháin  (46.4%)
  4. Eolas ar ghnéithe gramadaí  (44.7%)
  5. Do stór focal a fhorbairt  (44.1%)
  6. Feabhsúcháin/nuashonraithe leanúnacha  (40.6%)
  7. Sainmhínithe Gaeilge ar cheannfhocail Ghaeilge  (37.1%)
  8. Cuardach Gaeilge ar thorthaí Gaeilge  (30.9%)
  9. Rochtain as líne  (27.8%)
  10. Comhchiallaigh agus frithchiallaigh a léiriú  (27.7%)
  11. Rochtain ar ghléas soghluaiste  (19.1%)
  12. Stair na bhfocal  (18.6%)
  13. Brabhsálaí focal ar nós www.aimsigh.com (14.9%)

Ní thugann sé sin an mórphictiúr iomlán, áfach.  Óir is ceist ráta scálaithe atá ann, faightear toradh eile má dhéantar meastachán ar na meánluachanna agus luachanna na roghanna ó 2 go 5 curtha san áireamh.

Tréithe Inmhianta i bhFoclóir lánGhaeilge

Feictear anseo go bhfuil Stair na bhFocal agus Brabhsálaí Focail athraithe ó bhun go barr an liosta, mar shampla.  Tharla seo de bharr líon na ndaoine a roghnaigh na tréithe sin mar an dara, nó an tríú rogha is fearr acu (Aguisín 6).

Dar leis an taighdeoir teastaíonn tuilleadh anailíse a dhéanamh ar na ceisteanna ráta scálaithe sa suirbhé agus mionscagadh a dhéanamh orthu, ach ceal ama, níorbh fhéidir é sin a dhéanamh don tráchtas seo.  Táthar ag súil go mbeifear in ann anailís níos géire a dhéanamh ar thorthaí an tsuirbhé sa todhchaí.

Fuarthas aiseolas breise ón ngrúpa fócais maidir leis na tréithe ar mhian leo a bheith i bhfoclóir lánGhaeilge agus is iad seo a leanas roinnt samplaí díbh:

  • Idirdhealú idir chanúintí a chur san áireamh
  • Foirm leabhair a chur ar fáil (á thabhairt cothrom le dáta in eagrán leasaithe ar bhonn gach cúig bliana ar a laghad)
  • Áis leictreonach atá éasca agus iomasach le húsáid
  • Comhéadan tarraingteach d’úsáideoirí atá mealltach don tsúil
Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s