6.9 Achoimre ar an Taighde

Tuigtear don taighdeoir go bhfuil rogha leathan d’acmhainní dátheangacha ar fáil agus á fhorbairt don todhchaí. Tá tnúth mór le teacht amach an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge faoi dheireadh 2012. Faoi láthair is iad na príomhfhoclóirí de chuid an Gúm (EID, FGB, agus an Foclóir Beag), a úsáidtear is mó, agus tá éileamh ar Fhoclóir an Duinnínigh agus ar Fhoclóir Póca Collins freisin. Tá an bunachar téarmaíochta focal.ie, WinGléacht agus an Foclóir Beag ar líne i measc na n-áiseanna leictreonacha is mó a úsáidtear. Thaispeáin tuairimí na bhfreagróirí go bhfuil go leor foinsí eile atá tábhachtach (leabhair a foilsiodh le céad bliain anuas go háirithe) agus a bhaintear úsáid astu go rialta.

Feictear don taighdeoir go léiríonn an taighde go bhfuil bearna sna hacmhainní teanga sa mhéid nach bhfuil fáil sásúil ar fhoclóir mór lánGhaeilge agus go bhfuil éileamh suntasach ar a leithéid, go háirithe sa chóras oideachais (teagascóirí agus mic léinn), sa ghnó aistriúcháin agus sna meáin chumarsáide.

Is minic nach bhfaightear focal atá á lorg sna hacmhainní lánGhaeilge de bharr líon beag na bhfocal iontu. Agus is é an cleachtas reatha chun déileáil le cás a éilíonn foclóir aonteangach ná athinsint a chumadh nó cros-seiceáil a dhéanamh i measc foinsí dátheangacha. Dar leis an taighdeoir níl an oiread fadhbanna leis an modh oibre sin ag formhór na ndaoine, go háirithe cainteoirí dúchais de bharr a líofacht sa dá theanga araon. Tuigtear di ón taighde go mb’fhéidir go mbeadh caighdeán na hoibre níos fearr gan tionchar an Bhéarla sa phróiseas cuardaithe, go háirithe i measc cainteoirí neamhdhúchais, nó foghlaimeoirí.

Léiríodh sa taighde go bhfuil tnúth mór freisin le Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge agus gur ábhar díomá é nach mbeidh sé ar an bhfód go ceann tríocha bliain, ar a laghad. Mheas breis is 84% de na rannpháirtithe go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh foclóir mór lánGhaeilge curtha ar fáil sa tréimhse fhada idir an dá linn. Tá sé seo tábhachtach chun éifeacht an Bhéarlachais a laghdú i labhairt agus i scríobh na Gaeilge, agus d’fhéadfadh sé cuidiú le cailleadh fearainn i nGaeilge a mhaolú. Bheadh sé ina áis fíorchabhrach agus phraiticiúil d’fhoghlaimeoirí ar ardleibhéal agus dóibh siúd a bhfuil suim acu líofacht a bhaint amach tríd an tumoideachas. Tá sé tábhachtach freisin ó thaobh stádas na teanga go mbeadh foclóir comhaimseartha aonteangach ar fáil, mar is teanga oifigiúil na hEorpa í an Ghaeilge.

Mar réiteach amháin ar an mbearna, mhol roinnt rannpháirtithe go ndéanfaí ‘leathnú’ ar an bhFoclóir Beag. Aontaíonn an taighdeoir gur fiú fiosrú leis an nGúm faoi na féidearthachtaí atá ann. Níltear ar an eolas faoi aon phlean don Fhoclóir Beag amach anseo.

Tuigtear don taighdeoir go mbeadh easpa muiníne ag roinnt daoine i dtionscadal foinse oscailte sluafhoinsithe nuair nach bhfuil eolas forleathan faoi. Tugann sí faoi deara, áfach, go bhfuil fianaise ar thionscadail rathúla (Linux, Mozilla Firefox) ar forbraíodh iad mar bhogearraí foinse oscailte. Chomh maith leis sin tá taithí bainte amach cheana féin ag stiúrthóir LSG, Kevin Scannell, i bhforbairt bogearraí don Ghaeilge leis an gcur chuige céanna. Tar éis don taighdeoir páirt a ghlacadh i dturgnamh tástála mar aistritheoir don LSG, is féidir a rá gur tionscadal foclóireachta corpasbhunaithe é agus tá creatlach oibre á oibriú amach a chinnteoidh táirge d’ardchaighdeán. Is é tuairim an taighdeora go dteastódh slua de chainteoirí dúchais agus daoine a bhfuil an Ghaeilge go smior iontu chun an obair aistriúcháin a dhéanamh. Ní bheadh aon rath ar an tionscadal ó thaobh foclóra de mura mbeadh na sainmhínithe Gaeilge sothuigthe agus úsáideach don chainteoir dúchais agus d’fhoghlaimeoirí araon.

Fuarthas aiseolas ó rannpháirtithe an taighde maidir le tréithe inmhianta i bhfoclóir lánGhaeilge agus taispeánadh na torthaí in ord tosaíochta de réir a gcéad rogha is fearr. Bheadh sé tábhachtach tuilleadh anailíse a dhéanamh ar thorthaí na ceiste sin chun léargas iomlán a fháil ar an eolas. Ceal ama níorbh fhéidir é sin a thabhairt chun críche san am ceadaithe don tráchtas seo.

Advertisements

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s