1.7 Leagan Amach an Tráchtais

Tá 6 chaibidil sa tráchtas seo.

I gCaibidil 2 tugtar léirmheas ar roinnt acmhainní foclóireachta a saothraíodh don Ghaeilge agus pléitear cuid den taighde idirnáisiúnta ar úsáid foclóirí. Déantar cur síos ar Princeton Wordnet® agus pléitear Líonra Séimeantach na Gaeilge mar mhúnla de. Pléitear na deiseanna atá i Líonra Séimeantach na Gaeilge mar áis nua lánGhaeilge.

Déanfar cur síos i gCaibidil 3 ar an modheolaíocht taighde a d’úsáid an taighdeoir chun freagraí a fháil ar na ceisteanna taighde.

I gCaibidil 4 leagtar amach an obair aistriúcháin a rinneadh don LSG i bhfoirm tábla. Tá buntéacs na ngluaiseanna Béarla ar cheannfhocail Ghaeilge i gcolún amháin, agus an t-aistriúchán Gaeilge orthu sin i gcolún eile.

Déantar tráchtaireacht ar phróiseas an aistriúcháin i gCaibidil 5 agus pléitear an cur chuige i leith an aistriúcháin agus na dúshláin a bhain leis an obair.

Tugtar aghaidh ar acmhainní Gaeilge an lae inniu i gCaibidil 6, féachaint an bhfuil bearna i measc na n-áiseanna foclóireachta ar féidir le LSG a líonadh.

Déantar anailís ar na torthaí a tháinig ón taighde. Léirítear tuairimí an taighdeora i leith na dtorthaí a fuarthas. Mar chonclúid, baintear tátal as an taighde agus tugtar moltaí ina leith.

Freagra