C4 – Aistriúchán

Ceannfhocal Gaeilge Sainmhíniú Béarla ó Princeton
00001740 n eintiteas, aonán, beith

an ní a bhraitear, nó an ní a bhfuil eolas air, nó a ghlactar mar thátal go mbíonn a bheithsine féin aige (beo nó neamhbheo)

entity

that which is perceived or known or inferred to have its own distinct existence (living or nonliving)

00002684 n ní, rud, ábhar, ball, réad

eintiteas atá inláimhsithe agus infheicthe; eintiteas atá in ann scáth a chaitheamh

object, physical object

a tangible and visible entity; an entity that can cast a shadow

00004475 n orgánach, eiseach, neach

ní beo a bhfuil ar a chumas (nó a fhorbraíonn an cumas) gníomhú nó feidhmiú go neamhspleách

organism, being

a living thing that has (or can develop) the ability to act or function independently

00006269 n beathra

nithe beo i gcoitinne

life

living things collectively

00006484 n cill

(bitheolaíocht) an bunaonad struchtúrach agus feidhmeach de gach orgánach; is féidir leo maireachtáil mar aonaid neamhspleácha bheatha (monaid mar shampla) nó féadfaidh siad teacht le chéile agus coilíneachtaí nó fíocháin a chruthú mar a tharlaíonn i gcás ardphlandaithe agus ardainmhithe

cell

(biology) the basic structural and functional unit of all organisms; they may exist as independent units of life (as in monads) or may form colonies or tissues as in higher plants and animals

00007846 n duine éigin, indibhid, duine, duine aonair, aonán, neach, pearsa, colainn, saoltánach

neach daonna; ball den chine daonna

person, individual, someone, somebody, mortal, soul

a human being

00015388 n ainmhí, béist, míol, beithíoch, créatúr, dúil, feithid, brúta, brúid

orgánach beo arb é is tréith ann an ghluaiseacht dheonach

animal, animate being, beast, brute, creature, fauna

a living organism characterized by voluntary movement

00017222 n luibh, lus, planda, fás

(luibheolaíocht) orgánach beo gan cumas gluaiseachta

plant, flora, plant life

(botany) a living organism lacking the power of locomotion

00019613 n mianach, damhna, substaint, foladh

an t-ábhar nithiúil a bhaineann le nádúr an duine nó rud

substance

the real physical matter of which a person or thing consists

00020827 n ábhar, damhna

an ní a bhfuil mais aige agus a líonann spás

matter

that which has mass and occupies space

00021265 n beatha, bia, cothaitheach, lón, marthain, marthanacht, tomhaltas

substaint ar bith ar féidir le hainmhí a mheitibiliú le haghaidh fuinnimh agus chun fíochán a dhéanamh

food, nutrient

any substance that can be metabolized by an animal to give energy and build tissue

00021939 n déantán, déantúsán, saorgán

réad iomlán de dhéantús an duine

artifact, artefact

a man-made object taken as a whole

00022903 n rud, ball, earra, airteagal, giuirléid

ceann d’aicme déantán

article

one of a class of artifacts

00023271 n fios, eolas, iúl, scil, aithne

an toradh síceolaíoch a eascraíonn as tuiscint, foghlaim agus réasúnaíocht

cognition, knowledge, noesis

the psychological result of perception and learning and reasoning

00023773 n ceannfháth, cúis, bunchúis, cuspóir, réasún, tucaid

an ghné shíceolaíoch a spreagann orgánach chun gnímh le go mbainfí sprioc inmhianaithe amach; an chúis leis an ngníomh; an ní a stiúrann iompraíocht agus a thugann cuspóir di

motivation, motive, need

the psychological feature that arouses an organism to action toward a desired goal; the reason for the action; that which gives purpose and direction to behavior

00024720 n dul, dóigh, staid, eagar, aiste, riocht, cruth, inneall, bail, toisc

an chaoi ina bhfuil ní éigin i ndáil lena imthosca agus lena phríomhthréithe

state

the way something is with respect to its main attributes

00026192 n arann, mothúchán, tocht, corraí, mothú

a bheith ag aireachtáil staideanna mothachtálacha agus mothúchánacha

feeling

the experiencing of affective and emotional states

00027167 n loc, suíomh, láthair, ionadas, suí

pointe nó achar i spás

location

a point or extent in space

00028270 n am, uair, tráth, aimsir, dáta, uain

contanam ina mbraitear imeachtaí ag aistriú ón todhchaí go dtí an aimsir láithreach agus ansin go tráth atá thart

time

the continuum of experience in which events pass from the future through the present to the past

00028651 n infinid, firmimint, spás

an fhairsinge neamhtheoranta ina bhfuil gach ní

space, infinite

the unlimited expanse in which everything is located

00029378 n rud, cás, imeacht, cúrsa, eachtra, tarlú, teagmhas

teagmhas éigin a tharlaíonn ag áit agus ag am áirithe

event

something that happens at a given place and time

00030358 n rud, gníomh, beart, cleas, oirbheart

gníomh a dhéanann duine nó a chuireann duine faoi deara go ndéanfar é; gníomhaíocht dhaonna

act, deed, human action, human activity

something that people do or cause to happen

00031264 n grúpa, dream, foireann, páirtí, scata, nead, fiann, cóisir, comhthionól, drong, bruscán, gasra, conlán, cruinneagán, dol, sealbhán

aon líon d’aonáin (baill) a ghlactar mar aonad

group, grouping

any number of entities (members) considered as a unit

00031921 n baint, gaol, nasc, coibhneas

ceangal nó coibhneas a bheith idir rud amháin agus rud eile

relation

an abstraction belonging to or characteristic of two entities or parts together

00032613 n earra, áirge, maoin

aon rud a bhfuil úinéireacht no seilbh air

possession

anything owned or possessed

00033020 n teachtaireacht, scéala

ní éigin a chuirtear in iúl ó nó chuig daoine nó grúpaí, nó eatarthu

communication

something that is communicated by or to or between people or groups

00033615 n líon, cainníocht, méid, meá

an méid atá ann, nó an oiread nithe atá ann, ar féidir leat a thomhas

measure, quantity, amount

how much there is or how many there are of something that you can quantify

00034213 n feiniméan

aon staid nó próiseas a bhfuil eolas air trí na céadfaí seachas trí imfhios no trí réasúnaíocht

phenomenon

any state or process known through the senses rather than by intuition or reasoning

00034574 n gar, comaoin

gníomh a léiríonn cineáltas

kindness, benignity

a kind act

00034939 n tobscor

deireadh a chur le togra nó le nós imeachta sula dtugtar chun críche é

abort

the act of terminating a project or procedure before it is completed

00035189 n déanamh, saothar, éacht, tréith, éifeacht, feidhm, cur i gcrích, críochnú, comhlíonadh

an gníomh le feidhm nó éacht a bhaint amach

accomplishment, achievement

the action of accomplishing something

00035891 n coimhthiú

an gníomh a chuireann duine nó rud amuigh leis féin; an gníomh a chuireann faoi deara go mbeadh duine gan chomrádaithe nó eascairdiúil

alienation

the action of alienating; the action of causing to become unfriendly

00036299 n greim coise, teannta

saothar tosaigh nó cos i dtaca a éascaíonn an bealach chun cinn

beachhead, foothold

an initial accomplishment that opens the way for further developments

00036580 n bua gan dua

rud a bhaintear amach go héasca

cakewalk

an easy accomplishment

00036762 n éacht, aicsean, gníomh, reabh, cleas, gaisce, spleadh, oirbheart

gníomh suntasach a bhaintear amach

feat, effort, exploit

a notable achievement

00037396 n aicsean, gníomh, beart

rud a dhéantar (seachas rud a deirtear, de ghnáth)

action

something done (usually as opposed to something said)

00038262 n bealach, beart

modh chun gníomh a chur i bhfeidhm

course, course of action

a mode of action

00039021 n idirghníomhú, idirghníomhaíocht comhghníomh nó gníomh cómhalartach; imoibriú ar a chéile interaction

a mutual or reciprocal action; interacting

00039211 n imirt ar a chéile

gníomhú agus frithghníomhú deilíneach

interplay

reciprocal action and reaction

00039297 n teagmháil

dlúthchaidreamh

contact

close interaction

00039545 n teagmháil, scrimisc

bualadh nó casadh le rud éigin contúirteach nó míchuibhiúil

brush

contact with something dangerous or undesirable

00040152 n cómhalairt, idirmhalartú, cómhalartú, malartú

idirghníomhaíocht fhrithpháirteach; an ghníomhaíocht a bhaineann le rud (eolas go háirithe) a roinnt nó a chómhalartú

interchange, reciprocation, give-and-take

mutual interaction; the activity of reciprocating or exchanging (especially information)

00040420 n deilíneacht, cómhalartacht

pribhléidí tráchtála nó pribhléidí eile a mhalartú ar bhonn frithpháirteach

reciprocity

mutual exchange of commercial or other privileges

00040804 n plé

idirghníomhaíocht shóisialta nó bhriathartha (tagann an réamhfhocal ‘le’ ina dhiaidh de ghnáth)

dealings, traffic

social or verbal interchange (usually followed by `with’)

00041188 n imirt, spraoi, súgradh, cleasaíocht, ábhaillí, macnas

páirt a ghlacadh i gcluiche nó i spórt nó i gcaitheamh aimsire eile

playing

the action of taking part in a game or sport or other recreation

00041899 n fáil

teacht ar rud éigin; seilbh a ghlacadh ar rud éigin

acquiring, getting

the act of acquiring something

00042311 n cúisíocht

gníomh a chuireann faoi deara go dtarlóidh rud éigin

causing, causation

the act of causing something to happen

00042541 n breith

leanbh a thabhairt ar an saol

delivery, obstetrical delivery

the act of delivering a child

00042757 n fágáil, dul, dul amach, imeacht, imeacht amach

imeacht ó áit nó ó rud

departure, going, going away, leaving

the act of departing

00043195 n teacht, fionnadh

rud éigin a aimsiú nó a fháil amach

discovery, find, uncovering

the act of discovering something

00043609 n cur de láimh, diúscairt

an gníomh nó an modh chun fáil réidh le rud éigin

disposal, disposition

the act or means of getting rid of something

00043902 n poc

(daorchluiche) buille rathúil i gcomórtas aclaíochta (i ndaorchluiche go háirithe)

hit

(baseball) a successful stroke in an athletic contest (especially in baseball)

00044673 n ionannú, cothromacan, comhardú, cothromú,

cothromú nó cuma aonfhoirmeach a dhéanamh de rud

equalization, equalisation leveling

the act of making equal or uniform

00044900 n dí-adhlacadh

an talamh a thochailt agus rud éigin (marbhán go háirithe) a bhaint as an áit inar cuireadh é

exhumation, disinterment, digging up

the act of digging something out of the ground (especially a corpse) where it has been buried

00045250 n tiomáint

rud a chur chun gluaiseachta agus a threorú

propulsion, actuation

the act of propelling

00045907 n fáil ar ais, aisfháil, athfháil, athghabháil, aisghabháil

rud a thabhairt ar ais nó rud atá caillte (nó atá i mbaol a bheith caillte) a shábháil

recovery, retrieval

the act of regaining or saving something lost (or in danger of becoming lost)

00046344 n éacht, cleas

gníomh mór gaisce a bhfuil deacracht, suntas nó contúirt ag baint leis; cleas a dhéantar le haird a tharraingt ar dhuine nó rud de ghnáth

stunt

a difficult or unusual or dangerous feat; usually done to gain attention

00047106 n éacht, gníomh

aon mhórghníomh a bhfuil rath air agus a bhfuil aitheantas tugtha dó

performance

any recognized accomplishment

00047745 n teist

cuntas iomlán ar bhearta aitheanta atá curtha i gcrích

record, track record

the sum of recognized accomplishments

00048225 n sroicheadh, baint amach

cuspóir a chur i gcrích

arrival, reaching

accomplishment of an objective

00048374 n teacht

áit áirithe a bhaint amach

arrival

the act of arriving at a certain place

00048828 n teacht

tarlú a mbíonn tnúth leis (ócáid mhór go háirithe)

advent, coming

arrival that has been awaited (especially of something momentous)

00049003 n dul isteach, iontráil, ionadacht

gabháil isteach

entrance, entering, entry, ingress, incoming

the act of entering

00049530 n cur isteach

dul isteach le neart nó gan chead nó gan fáilte

intrusion

entrance by force or without permission or welcome

00050037 n clárúchán, rollú, clárú, liostáil

clárú a dhéanamh

registration, enrollment, enrolment

the act of enrolling

00050195 n teacht amach

teacht i láthair go poiblí

appearance

the act of appearing in public view

00050484 n taispeánadh

gníomh a bhaineann le nochtadh duine nó rud gan choinne

apparition

an act of appearing or becoming visible unexpectedly

00051077 n teacht ar ais

duine mór le rá ag filleadh ar ghníomhaíocht in ar bhain siad rath amach roimhe

comeback

return by a celebrity to some previously successful activity

00051192 n teacht ar ais, teacht abhaile, téarnamh, filleadh

teacht nó filleadh abhaile

return, homecoming

a coming to or returning home

00051525 n treá, polladh

gabháil isteach nó trí rud éigin

penetration

the act of entering into or through something

00052052 n ancaireacht

dul ar ancaire

anchorage

the act of anchoring

00052334 n teacht i dtír

talamh a shroicheadh tar éis aistear a dhéanamh

landing

the act of coming to land after a voyage

00052500 n tuirlingt

teacht anuas go talamh (nó go dromchla eile)

landing

the act of coming down to the earth (or other surface)

00052791 n tuirlingt éigeandála

tuirlingt eitleáin a dhéantar go tobann ar chúiseanna nach bhfuil aon neart ag an bpíolóta orthu (teip ar inneall nó drochaimsir mar shampla)

forced landing, emergency landing

an unscheduled airplane landing that is made under circumstances (engine failure or adverse weather) not under the pilot’s control

00053097 n dealú, scaradh

imeacht ó áit nó ó dhuine éigin

farewell, leave, leave-taking, parting

the act of departing politely

00053405 n imeacht gan chead

imeacht go tobann gan choinne (gan slán a fhágáil)

French leave

an abrupt and unannounced departure (without saying farewell)

00054652 n cúrsa spioradálta, cúrsa, cúlú

scor d’imeachtaí an tsaoil chun urnaí agus staidéar agus machnamh a dhéanamh

retirement retreat

withdrawal for prayer and study and meditation

00054821 n aslonnú, tréigean

glanadh amach as áit; áit a fhágáil ar bhealach rianúil; ar mhaithe le cosaint go háirithe

evacuation

the act of evacuating; leaving a place in an orderly fashion; especially for protection

00055315 n tréigean

tacaíocht nó cúnamh a tharraingt siar in ainneoin géillsine nó freagrachta a bheith ann

desertion, abandonment, defection

withdrawing support or help despite allegiance or responsibility

00056087 n eisimirce, imirce

áit a fhágáil agus dul go ceann eile (go háirithe imeacht ó do thír dhúchais chun socrú síos i dtír eile)

emigration, out-migration, expatriation

migration from a place (especially migration from your native country in order to settle in another)

00056311 n inimirce

bogadh isteach chuig áit (go háirithe dul go tír eile nach í do thír dhúchais chun socrú síos inti)

immigration, in-migration

migration into a place (especially migration to a country of which you are not a native in order to settle there)

00056912 n dul ar gcúl, teitheadh, cúlú

(míleata) saighdiúirí a tharraingt siar chuig áit níos fearr chun éalú ó bharrfhórsaí an namhaid nó tar éis briseadh catha

retreat

(military) withdrawal of troops to a more favorable position to escape the enemy’s superior forces or after a defeat

00057486 n trá, dul ar gcúl, cúlú

ag éirí níos faide amach ó phointe éigin

receding, recession

the act of becoming more distant

00057657 n imeacht, seoladh

árthach ag fágáil poirt

sailing

the departure of a vessel from a port

00058337 n dul ar bord, bordáil

paisinéirí agus criú ag bordáil loinge nó aerárthaigh

boarding, embarkation, embarkment

the act of passengers and crew getting aboard a ship or aircraft

00058519 n dul amach, imeacht amach

fágáil áit istigh go dtí áit amuigh

exit

the act of going out

00058608 n imeacht, éalú

imeacht faoi rún le leannán (chun pósadh de ghnáth)

elopement

the act of running away with a lover (usually to get married)

00058743 n dul as, imeacht, teacht as, teitheadh, tréigean, éalú, téarnamh, scinneadh

an gníomh le héalú as áit

escape, flight

the act of escaping physically

00059376 n cor

gníomh a sheachnaíonn breith ar dhuine (trí ghliceas go háirithe)

slip, elusion, eluding

the act of avoiding capture (especially by cunning)

00059728 n géagáil

(dornálaíocht) gníomh a bhaineann le dornálaí amháin ag breith greim ar a chéile comhraic chun buille a sheachaint agus chun sos cúpla soicind a thógáil

clinch

(boxing) the act of one boxer holding onto the other to avoid being hit and to rest momentarily

00059895 n cor

sciorradh beag i leataobh chun rud a sheachaint

dodge

a quick evasive movement

00060201 n éalú

teitheadh go tapa as áit (mar a dhéanann coirpigh); an cor gearr a thabhairt do lucht tóra

getaway, lam

a rapid escape (as by criminals)

00060414 n imeacht, tréigean

aistear a dhéanann slua mór chun teitheadh as timpeallacht naimhdeach

exodus, hegira, hejira

a journey by a large group to escape from a hostile environment

00061290 n cur amach, seoladh, cur chun siúil

rud éigin a chur chun bealaigh

dispatch, despatch, shipment

the act of sending off something

00061598 n críochnúlacht, foirfeacht, forar

teacht chun críche nó teacht i mbláth

consummation

the act of bringing to completion or fruition

00061792 n cur i gcrích

pósadh a chomhlíonadh trí chaidreamh collaí

consummation

the completion of marriage by sexual intercourse

00061917 n teacht i gcrích, barr, bláth, rath, bláthú

ní éigin a dhéantar fíor nó réadúil

realization, realisation, fruition

something that is made real or concrete

00062133 n orgasam, súnás, bás le hadhairt

buaicphointe an dúphléisiúir a bhraitear i gcaidreamh collaí

orgasm, climax, sexual climax, coming

the moment of most intense pleasure in sexual intercourse

00062806 n teacht, sroicheadh, gnóthú, baint amach

aidhm nó cuspóir a chur i gcrích

attainment

the act of achieving an aim

00063014 n curiarracht, craobh

teacht thar na bearta; an imirt is fearr (nó is measa) dá raibh ann riamh (mar shampla i gcúrsaí spóirt)

record

an extreme attainment; the best (or worst) performance ever attested (as in a sport)

00063559 n curiarracht an domhain

an gnóthú is fearr atá ann ar fud an domhain

world record

the best record in the whole world

00064018 n buachan, gnóthachan, gnóthú

rath a bheith ort in ainneoin fíordheacrachtaí

winning

succeeding with great difficulty

00064504 n beart amhantrach, cnag,

buille a bhfuil aimsiú suntasach air

hit, smash, smasher, strike, bang

a conspicuous success

00065336 n éacht

gnóthú thar na bearta a bhfuil mór le rá faoi

coup

a brilliant and notable success

00065575 n pasmharc, pas

riachtanas nó tástáil a chomhlíonadh go sásúil

passing, pass, qualifying

success in satisfying a test or requirement

00066636 n teip, faillí, meath, feall, meathlaíocht, loiceadh, cliseadh, meathlú

gníomh nach n-éiríonn leis; iarracht gan toradh sásúil

failure

an act that fails

00066901 n teip, síogú, faillí, tréigean, síogaíocht, obadh, lagú, loiceadh, cliseadh, meathlú

bheith gan an cumas is lú atá riachtanach don obair

failing, flunk

failure to reach a minimum required performance

00067526 n cailleadh, ligean amú, díobháil

duine nó rud a bheith ar iarraidh

loss

the act of losing someone or something

00067707 n treascairt

géilleadh don lámh in uachtar (de ghnáth faoi choinníollacha comhaontaithe)

capitulation, fall, surrender

the act of surrendering (usually under agreed conditions)

00067990 n teacht trasna, cur ar neamhní, sárú

bac a chur le plean nó le hiarracht duine

frustration, thwarting, foiling

an act of hindering someone’s plans or efforts

00068333 n atitim

teip ar choinneáil le staid níos airde

backsliding, lapse, lapsing, relapse, relapsing, reversion, reverting

a failure to maintain a higher state

00069060 n rogha le fána

gan aghaidh a thabhairt ar thrioblóid éigin

copout

a failure to face some difficulty squarely

00070363 n leathcheann, scéimh, claonadh, fiar

imeacht ó staid ingearach; gníomh a bhaineann le himeacht ar sceabha

leaning

the act of deviating from a vertical position

00072261 n ceo, smál blot, smear

gníomh a tharraingíonn míchlú ar an duine a rinne é

smirch, spot, stain

an act that brings discredit to the person who does it

00072473 n fudairnéis, meascán mearaí

dul amú a tharlaíonn trí rud amháin a ghlacadh de mhearbhall in áit rud eile

confusion, mix-up

a mistake that results from taking one thing to be another

00072808 n mí-áireamh

botún i bpróiseas ríomha

miscalculation, misreckoning, misestimation

a mistake in calculating

00073828 n dearmad, rith, botún, meancóg, tuisle, neamh-aistear

mionbhotún gan chuimhneamh a thugtar faoi deara sa chaint, sa scríobh nó i dtaismí beaga nó in uireasa cuimhne

slip, slip-up, miscue, parapraxis

a minor inadvertent mistake usually observed in speech or writing or in small accidents or memory lapses etc.

00074524 n dearmad, botún, faillí, neamart, tuathal, dul ar ceal, earráid, mainneachtain

earráid a tharlaíonn mar thoradh ar neamhaird

oversight, lapse

a mistake resulting from inattention

00074790 n botún, tuaiplis, mucaire, meancóg, tuathal, tuisle, puiteálaí, muclach

earráid a chuirfeadh náire ort

blunder, blooper, bloomer, bungle, pratfall, foul-up, fuckup, flub, botch, boner, boo-boo

an embarrassing mistake

00075471 n seó bóthair, feic, seó, suaitheantas

tuaiplis a chuirfeadh cuma amadáin/áiféiseach ort; úsáidtear é sa fhrása ‘seó bóthair a dhéanamh díot féin’

spectacle

a blunder that makes you look ridiculous; used in the phrase `make a spectacle of’ yourself

00075912 n iarracht iomraill

(spórt) iarracht chiotach a dhéanamh leis an liathróid agus é a ligean uait

fumble, muff

(sports) dropping the ball

00076072 n botún, tuathal

meancóg (dearmad a dhéanamh de na línte ag aisteoir go háirithe)

fluff

a blunder (especially an actor’s forgetting the lines)

00076196 n botún, geaf, titim focail, tuaiplis, uascántacht

gníomh atá amscaí nó tuathalach i gcomhthéacs sóisialta

faux pas, gaffe, solecism, slip, gaucherie

a socially awkward or tactless act

00076323 n earráid uafásach

meancóg chríochnaithe

howler

a glaring blunder

00076884 n leagan, titim, ascar, tuisle, treascairt, turraing

titim tobann ó sheasamh

spill, tumble, fall

a sudden drop from an upright position

00077419 n fáil, gnóthú, glacadh

ní éigin a fháil ar conradh, nó a ghlacadh ar láimh nó a shealbhú

acquisition

the act of contracting or assuming or acquiring possession of something

00077981 n crapadh

galar a tholgadh

catching, contracting

becoming infected

00079018 n ceannach, ceannachán, coibhche

rud a fháil nuair a íoctar as

purchase

the acquisition of something for payment

00079398 n roinn, tráchtáil, trácht, trádáil, earraíocht, déileáil, reic, ceannaíocht

urrúis nó tráchtearraí a cheannach nó a dhíol

trading

buying or selling securities or commodities

00080242 n déileáil chos istigh

stoc corparáideach á cheannach nó á dhíol ag oifigeach nó duine eile taobh istigh den chorparáid ar bhonn eolais nach bhfuil ar fáil go poiblí, eolas is ceart a bheith faoi dhianrún

insider trading

buying or selling corporate stock by a corporate officer or other insider on the basis of information that has not been made public and is supposed to remain confidential

00080743 n glaoch

an rogha stoc áirithe (nó innéacs stocmhalartáin nó todhchaíocht tráchtearra) a cheannach ar phraghas ar leith roimh dháta áirithe

call option, call

the option to buy a given stock (or stock index or commodity future) at a given price before a given date

00080968 n céadrogha

an rogha stoc áirithe (nó innéacs stocmhalartáin nó todhchaíocht tráchtearra) a dhíol ar phraghas ar leith roimh dháta áirithe

put option, put

the option to sell a given stock (or stock index or commodity future) at a given price before a given date

00081572 n ceannach, ceannaíocht, coibhche

an próiseas ceannaigh

buying, purchasing

the act of buying

00081836 n siopadóireacht

earraí nó seirbhísí a chuardach nó a cheannach

shopping

searching for or buying goods or services

00082754 n oidhreacht, ionad, comharbas, réim

maoin a fháil trí shliocht nó trí uacht

succession, taking over

acquisition of property by descent or by will

00082870 n gabháil, glacadh

úinéireacht a thógáil nó ceannas a ghlacadh ar rud

assumption, laying claim

the act of taking possession of or power over something

00083729 n fáil, soláthar

seilbh a thógáil ar rud éigin

procurement, procurance, procural

the act of getting possession of something

00083975 n leithghabháil, sealbhú, dílsiú

gníomh a dhéantar d’aonghnó chun rud éigin a thógáil i seilbh, go minic gan cead ón úinéir

appropriation

a deliberate act of acquisition of something, often without the permission of the owner

00085678 n coigistíocht,

gníomh urghabhála a dhéanann an rialtas

confiscation, arrogation

seizure by the government

00085829 n tochsal, athghabháil

maoin a urghabháil agus a choinneáil ina gheall mar íocaíocht ar fhiach nó do shásamh éilimh

distress, distraint

the seizure and holding of property as security for payment of a debt or satisfaction of a claim

00086297 n cur i bpóna, gaibhniú

maoin phríobháideach a chur i gcoimeád oifigeach dlí

impoundment, impounding, internment, poundage

placing private property in the custody of an officer of the law

00086809 n áitíocht, seilbh, gabháil seilbhe, gabháil, áitiú, gabháltas, fearannas

foirgneamh a thógáil nó bogadh isteach ann

occupation, occupancy, moving in

the act of occupying or taking possession of a building

00087218 n gabháil seilbhe

maoin duine a urghabháil agus a choinneáil go dtí go ndéanfar brabúis sa mhéid iomchuí

sequestration, requisition

seizing property that belongs to someone else and holding it until profits pay the demand for which it was seized

00087663 n dámhachtain, damáistí

breith tugtha ag cúirt dlí

award, awarding

a grant made by a law court

00088481 n urghabháil, tógáil, gabháil, fuadach, creach, forghabháil, gabháltas, láimhsiú, glacadh

maoin a bhaint dá úinéir le héigean

capture, gaining control, seizure

the act of forcibly dispossessing an owner of property

00088725 n gabháil

teacht suas le duine nó ar rud (go háirithe coirpeach a thabhairt ar láimh)

apprehension, arrest, catch, collar, pinch, taking into custody

the act of apprehending (especially apprehending a criminal)

00089027 n concas, mámas, smacht, bua, gabháil, géillsine, gabháltas, cloí, smachtú, géilleadh, meirse

an bua a fháil amach le héigean

conquest, conquering, subjection, subjugation

the act of conquering

00089234 n daoradh

cimí a chur chun sclábhaíochta

enslavement

the act of making slaves of your captives

00089351 n cur ar ais, aiseag, aischur, athbhunú

rud a thabhairt ar ais arís

restitution, return, restoration, regaining

getting something back again

00089891 n athsheilbh

rud a thógáil ar ais (go háirithe urghabháil ar chomhthaobhacht atá mar urrús ar iasacht atá ar mainneachtain)

repossession

the action of regaining possession (especially the seizure of collateral securing a loan that is in default)

00090253 n fáil, glacadh

teacht ar rud

reception, receipt

the act of receiving

00092366 n ceant, ceantáil

rud a chur ar díol poiblí don té a thairgeann an t-airgead is mó

auction, auction sale, vendue

the public sale of something to the highest bidder

00093354 n athchúrsáil

substaintí fónta a aisghabháil ó dhramhthairgí

reclamation

the recovery of useful substances from waste products

00093483 n teasargan, anacal, tarrtháil, sábháil, fuascailt, saoradh, slánú

rud a shábháil nó a choimeád slán ó chailliúint nó ó chontúirt

rescue, deliverance, delivery, saving

recovery or preservation from loss or danger

00094240 n aspalóid, maitheamh, maithiúnas, loghadh, loghaíocht, lamháil

scaoileadh saor ó mhilleán nó ó chiontacht; fuascailt fhoirmiúil mar a fhógraíonn sagart i sacraimint na haithrí

absolution, remission, remittal, remission of sin

the act of absolving or remitting; formal redemption as pronounced by a priest in the sacrament of penance

00094500 n logha

maithiúnas an Phápa i bpionós na cánach saolta i bPurgadóir atá fós dlite do pheacaí in ainneoin aspalóide

indulgence

the remission by the pope of the temporal punishment in purgatory that is still due for sins even after absolution

00095121 n díolaíocht

cúiteamh a dhéanamh i bpeaca nó in éagóir (go háirithe chun dia a shásamh)

expiation, atonement, propitiation

the act of atoning for sin or wrongdoing (especially appeasing a deity)

00095329 n sásamh, cúiteamh, díolaíocht, éiric, leorghníomh

rud a dhéantar nó a íoctar mar chúiteamh ar éagóir

reparation, amends

something done or paid in expiation of a wrong

00095502 n fuascailt, scor, scaoileadh amach, ligean amach, saoradh, scaoileadh

duine nó rud a scaoileadh saor

liberation, release, freeing

the act of liberating someone or something

00096343 n tarrtháil

earraí nó maoin a thabhairt slán ó dhamáiste nó ó scriosadh

salvage

the act of saving goods or property that were in danger of damage or destruction

00096969 n athghabháil

rud a thógáil ar ais

recapture, retaking

the act of taking something back

00097504 n feidhmíocht, déanamh, gníomhaíocht, feidhmiúchán, cur i gcrích, comhall, feidhmiú, comhlíonadh, iomlua

gníomh a dhéanamh; gníomhú go rathúil agus úsáid a bhaint as eolas seachas eolas a bheith agat.

performance, execution, carrying out, carrying into action

the act of performing; of doing something successfully; using knowledge as distinguished from merely possessing it

00098939 n féinseirbhís

freastal ort féin (i siopa grósaera nó i gcaifitéire)

self-service

the practice of serving yourself (as in a grocery or cafeteria)

00099439 n athghairm

léiriú breise nó an léiriú céanna tugtha arís; de ghnáth mar fhreagra ar éileamh an lucht féachana

encore

an extra or repeated performance; usually given in response to audience demand

00099588 n tobchumadh

léiriú spontáineach a dhéantar ar an toirt, gan pleanáil ná ullmhú roimh ré

extemporization, extemporisation, improvisation

a performance given extempore without planning or preparation

00099799 n lámhchleasaíocht, cleasaíocht

roinnt nithe a chaitheamh san aer agus a ghabháil ag an am céanna

juggle, juggling

throwing and catching several objects simultaneously

00099951 n doilfeacht, draíocht, cleas, draíodóireacht

cleas meabhlach; ceapann breathnóirí saonta go mbaineann draíocht leis

magic trick, conjuring trick, trick, magic, legerdemain, conjuration, thaumaturgy, illusion, deception

an illusory feat; considered magical by naive observers

00101003 n claonbholscaireacht

léiriú ar leith ar scéal (go háirithe mar a bhaineann polaiteoirí úsáid as chun dul i gcion ar thuairimí an phobail)

spin

a distinctive interpretation (especially as used by politicians to sway public opinion)

00101191 n seinm

ceol a chasadh ar ghléas ceoil

playing

the act of playing a musical instrument

00101410 n boghadh

an bogha a láimhseáil i seinm téaduirlise

bowing

managing the bow in playing a stringed instrument

00101708 n píobaireacht, feadaíl, feadánacht, geocaíl, píopáil

an phíb nó píb mhála a sheinm

piping

playing a pipe or the bagpipes

00102162 n gléasaistriú

(ceol) ceol a sheinm i ngléas eile ón ngléas bunaidh; tiunairde píosa ceoil a aistriú suas nó anuas

transposition

(music) playing in a different key from the key intended; moving the pitch of a piece of music upwards or downwards

00102374 n tobsheisiún, seisiún

seisiún snagcheoil a tharlaíonn ar an toirt gan ullmhú

jam session

an impromptu jazz concert

00102457 n uathoibriú, meicniú

rialú ar threalamh a chur i bhfeidhm le hardteicneolaíocht, úsáidtear crua-earraí leictreonacha de ghnáth

automation, mechanization, mechanisation

the act of implementing the control of equipment with advanced technology; usually involving electronic hardware

00102779 n ríomhairiú

an rialú ar phróisis á chur i bhfeidhm ag ríomhaire

computerization, cybernation

the control of processes by computer

00103140 n lainseáil

rud a chur chun gluaiseachta le héigean

launching, launch

the act of propelling with force

00103291 n lainseáil

árthach nuathógtha a chur san uisce den chéad uair

launching, launch

the act of moving a newly built vessel into the water for the first time

00103834 n tiomáint

fórsa a chur i bhfeidhm chun rud éigin a chur chun gluaiseachta

drive, thrust, driving force

the act of applying force to propel something

00104249 n spreagadh

fórsa a chur i bhfeidhm go tobann

impulse, impulsion, impetus

the act of applying force suddenly

00104409 n rolladh, rothlam

rud éigin a chur ag rolladh (an liathróid i gcluiche bollaí mar shampla)

roll, bowl

the act of rolling something (as the ball in bowling)

00104539 n caitheamh, urchar, teilgean, raideog

rud a theilgean (rud a chur chun gluaiseachta tríd an aer trí mhearchorraí géige agus rosta)

throw

the act of throwing (propelling something with a rapid movement of the arm and wrist)

00105164 n caitheamh, teilgean, raideog, radadh

rud a radadh go tobann

fling

the act of flinging

00105271 n caitheamh

urróg a thabhairt d’ualach trom (ar uain ar éigean)

heave, heaving

throwing something heavy (with great effort)

00105479 n caitheamh, beart, urchar, crústa, teilgean, raideog

rud a theilgean le héigean

hurl, cast

a violent throw

00105820 n seachadadh, pas

(spórt) an liathróid a chaitheamh chuig duine eile i d’fhoireann féin

pass, toss, flip

(sports) the act of throwing the ball to another member of your team

00106104 n caitheamh, teilgean

an gníomh nó an modh a theilgtear rud éigin

pitch

the action or manner of throwing something

00106888 n urchar

rud a theilgean go mear

shy

a quick throw

00107137 n caitheamh isteach

(rugbaí) gníomh nó cás nuair a chaitear liathróid isteach chun an imirt a atosú

throw-in

(rugby) an act or instance of throwing a ball in to put it into play

00110554 n tumadh

buille cispheile nuair a chuirtear an liathróid díreach síos sa chis le fórsa

dunk, dunk shot, stuff shot

a basketball shot in which the basketball is propelled downward into the basket

00110964 n saorchaitheamh

buille cispheile ón líne ar féidir a dhéanamh saor ó bhac; tugtar é chun pionós a ghearradh má bhíonn feall déanta ag an bhfoireann eile

foul shot, free throw, penalty free throw, charity toss, charity throw, charity shot

an unhindered basketball shot from the foul line; given to penalize the other team for committing a foul

00112312 n truilleán, sonc, brú, sá, turraing

fórsa a chur i bhfeidhm chun rud éigin a chur amach uait

push, pushing

the act of applying force in order to move something away

00112828 n clic

cnaipe a bhrú ar luch ríomhaire

click, mouse click

depression of a button on a computer mouse

00112997 n sonc, broideadh, croitheadh,

truilleán nó suaitheadh éadrom

nudge, jog

a slight push or shake

00113113 n fáscadh, tuineadh, broid, plódú, brú, sá

brú a chur ar ní éigin; rud a chur faoi bhrú

press, pressure, pressing

the act of pressing; the exertion of pressure

00113532 n múnlú

rud amháin a bhrú sa mhullach ar nó isteach ar dhromchla rud eile go dtí go bhfágtar a riain air

impression

the act of pressing one thing on or into the surface of another

00113726 n truilleán, brú, sacadh, sá,

duine nó rud a bhrú (turraing a thabhairt do dhuine nó do rud)

shove

the act of shoving (giving a push to someone or something)

00114095 n cargáil, bulcáil, tnáitheadh

bualadh faoi dhaoine (ag brú le héigean chun do bhealach a dhéanamh tríd)

jostle, jostling

the act of jostling (forcing your way by pushing)

00114431 n tarraingt, strangláil, stoitheadh, sraonadh, sracaireacht, sracadh

sracadh; fórsa a chur i bhfeidhm chun rud a bhogadh chugat nó leat

pull, pulling

the act of pulling; applying force to move something toward or with you

00114871 n tarraingt, sracadh

sracadh (tarraingt le héigean)

drag

the act of dragging (pulling with force)

00115036 n tarraingt, iompar, tarlú, carraeireacht, sracadh

rud a iompar nó a tharlú

draw, haul, haulage

the act of drawing or hauling something

00115292 n tarraingt,

rud a iompar (feithicil mar shampla) trí úsáid a bhaint as nascaire nó rópa

tow, towage

the act of hauling something (as a vehicle) by means of a hitch or rope

00115500 n cor, tarraingt, urróg, siorc, giolc, stoitheadh, sracadh

sracadh tobann a bhaint as rud

tug, jerk

a sudden abrupt pull

00115667 n tarraingt, tarlú

ualach a ghluaiseacht trí tharlú nó trí tharraingt air

draft, draught, drawing

the act of moving a load by drawing or pulling

00115803 n díchur

rud a stoitheadh nó a bhaint amach; baint ó fhréamh; rud a scoitheadh ón saol

extirpation, excision, deracination

the act of pulling up or out; uprooting; cutting off from existence

00116008 n tarraingt, sracadh, stoith

téad teann a phiocadh agus a scaoileadh

pluck

the act of pulling and releasing a taut cord

00116122 n tarraingt

(ortaipéidic) tarraingt ar chnámh nó ar ghéag (atá briste) chun brú a mhaolú nó chun páirteanna a ailíniú ar bhealach áirithe le linn cneasaithe

traction

(orthopedics) the act of pulling on a bone or limb (as in a fracture) to relieve pressure or align parts in a special way during healing

00116376 n ardú

rud éigin a chur in airde nó a chrochadh

lift, raise, heave

the act of raising something

00117578 n brúchtach, brúcht, brúchtadh

frithluail a dhíbríonn gás ón mbolg amach tríd an mbéal le fothram

belch, belching, burp, burping, eructation

a reflex that expels gas noisily from the stomach through the mouth

00117810 n tonnadh

rud a chaitheamh amach le héigean ón taobh istigh

belching

the forceful expulsion of something from inside

00117959 n bobáil, caochadh, sméideadh

frithluail a dhúnann agus a osclaíonn na súile go tapa

blink, eye blink, blinking, wink, winking, nictitation, nictation

a reflex that closes and opens the eyes rapidly

00118268 n deirge, luisne, lasadh, bloscadh

deargadh tobann ar aghaidh an duine (de bharr aiféaltais nó ciontachta nó náire nó cúthaileachta)

blush, flush

sudden reddening of the face (as from embarrassment or guilt or shame or modesty)

00118733 n urlacan, orla, tiontú goile, cur amach, aiseag, tarraingt orla, teilgean, sceathrach, sceitheadh

frithluail a chaitheann gach a bhfuil sa bholg amach tríd an mbéal

vomit, vomiting, emesis, regurgitation, disgorgement, puking

the reflex act of ejecting the contents of the stomach through the mouth

00119568 n léimneach, léim, preabarnach, beannóg, spreang, truslóg, preabaireacht, bíogadh, abhóg

preab in airde a dhéanamh; éirí ó thalamh de lingeadh

jump, jumping

the act of jumping; propelling yourself off the ground

00119893 n titim

léim (nó titim) i ndiaidh a c(h)inn

header

a headlong jump (or fall)

00120010 n preab, hap, truslóg, abhóg

truslóg a thabhairt; léimneach in airde nó ar aghaidh (ar leathchois go háirithe)

hop

the act of hopping; jumping upward or forward (especially on one foot)

00120202 n airleog, beannóg, léim, pocléim, preab, oscar, leipreach, léimneach, boc, lingeadh, truslóg, spreang, ceáfar, eitim, ruidéis, tapaigean, eitleog, pramsáil, abhóg, scinneadh

léimneach éadrom a dhéanamh in airde nó ar aghaidh

leap, leaping, spring, saltation, bound, bounce

a light, self-propelled movement upwards or forwards

00120515 n lámhléim, léim láimhe

léimneach thar bhacainn

vault, hurdle

the act of jumping over an obstacle

00120804 n lab

rud (liathróid mar shampla) a thiomáint san aer ar stua ard

lob

the act of propelling something (as a ball or shell etc.) in a high arc

00121166 n seoladh, cur chun siúil

rud a chur ar aghaidh (teachtaireachtaí go háirithe)

sending

the act of causing something to go (especially messages)

00121366 n iompar, seachadadh, seoladh

teachtaireacht a chur ar aghaidh; seoladh teachtaireachta a chur faoi deara

transmission, transmittal, transmitting

the act of sending a message; causing a message to be transmitted

00122106 n sainchúram

(dlí) tarchuir a dhéanamh (go háirithe cás cúirte a tharchur go cúirt eile)

remission, remitment, remit

(law) the act of remitting (especially the referral of a law case to another court)

00122338 n postáil

litir a sheoladh; litir a chur tríd an bpost

mailing, posting

the transmission of a letter

00122530 n rolladh, cornadh

rud éigin a thiomáint ar rothaí

wheeling, rolling

propelling something on wheels

00122661 n caitheamh, urchar gunna, urchar, lámhach, diúracadh, scaoileadh

diúracán a scaoileadh

shooting, shot

the act of firing a projectile

00122954 n lámhach

scaoileadh ar thargaidí

shoot

the act of shooting at targets

00123783 n urchar gunna, lámhach

piléar ó ghunna a scaoileadh

gunfire, gunshot

the act of shooting a gun

00124766 n urchar reatha

urchar a chaitheamh ar thargaid so-aimsithe nó teagmhasach (mar a dhéanann sealgaire fánach)

potshot

a shot taken at an easy or casual target (as by a pothunter)

00124880 n teagmháil, tadhall

tadhall coirp a dhéanamh

contact, physical contact

the act of touching physically

00125126 n cuimilt

rud a slíobadh de dhromchla ruda eile

rub, wipe

the act of rubbing or wiping

00125436 n boiseog

buille éadrom boise

tap, pat, dab

a light touch or stroke

00125629 n buille, poc, pocáil, aimsiú, smiotaíl

tarraingt de rud amháin (de láimh nó de bhata mar shampla) ar rud eile

hit, hitting, striking

the act of contacting one thing with another

00126236 n tuairt, tuairteáil

bualadh in aghaidh ruda le fórsa; imbhualadh

crash, smash

the act of colliding with something

00126584 n slacadh

(daorchluiche) iarracht a dhéanann an slacaí chun daoradh a bhaint amach

batting

(baseball) the batter’s attempt to get on base

00127531 n dícheall

an iarracht is fearr is féidir le duine a dhéanamh

best

the supreme effort one can make

00131485 n buille cloiginn

(sacar) an liathróid a bhualadh le do chloigeann

header

(soccer) the act of hitting the ball with your head

00133160 n crúibín cam

cúlbhéim

backhander

a backhanded blow

00133234 n cnagaide, smitín,

buille grod sceabhach

clip

a sharp slanting blow

00133338 n rap, faic, buille, cnag, cnap, cnagaide, deoiricín, cniog, smitín, dúdóg

buille láidir a thabhairt do rud nó do dhuine éigin

knock, belt, rap, whack, whang

the act of hitting vigorously

00133668 n smeachaíl

greadóg a thabhairt do rud éigin; buille le bos oscailte

smack, smacking, slap

the act of smacking something; a blow delivered with an open hand

00133875 n fáiméad

buille doirn an-chumasach

smacker

a very powerful blow with the fist

00133981 n treascairt

buille a leagann an céile comhraic chun talaimh

knockdown

a blow that knocks the opponent off his feet

00134099 n codladh púicín, buille scoir

buille a chuireann an céile comhraic i bhfanntais

knockout, KO, kayo

a blow that renders the opponent unconscious

00134574 n lasc fuipe, buille, leadhb, stiall, lascadh, slais

buille grod le fuip nó le rud éigin cosúil le fuip

whip, lash, whiplash

a quick blow delivered with a whip or whiplike object

00134780 n dorn, leadóg, clabhtóg, clabhta, cuaifeach, cíonán, dúdóg, leadhbóg

(dornálaíocht) buille doirn

punch, clout, poke, lick, biff, slug

(boxing) a blow with the fist

00135148 n smitín, dúdóg

buille láimhe (ar an gcluas go hiondúil)

box

a blow with the hand (usually on the ear)

00135311 n sonc, péac, priocadh

péac a thabhairt faoi dhuine go tobann le d’uillinn nó le do mhéar

dig, jab

the act of touching someone suddenly with your finger or elbow

00135504 n cuntar, frithbhuille

buille a chosaint le hathbhuille (go háirithe i gcás dornálaí)

counterpunch, parry, counter

a return punch (especially by a boxer)

00135799 n cuarbhuille

dorn grod cuaifigh a thugtar le cuaruillinn ón taobh

hook

a short swinging punch delivered from the side with the elbow bent

00135952 n sonc

dorn grod gearr díreach

jab

a quick short straight punch

00136329 n cic, ciceáil, speachadh, truipeáil, preab, speach, radadh, lascadh, raideog, truip

buille coise a thabhairt do dhuine nó do rud

kick, boot, kicking

the act of delivering a blow with the foot

00136984 n lasc

(peil) cic ina ligtear síos an liathróid ó na lámha agus tugtar cic dó sula dtitfidh sé chun talaimh

punt, punting

(football) a kick in which the football is dropped from the hands and kicked before it touches the ground

00137534 n saorchic

(sacar) cic ón talamh a cheadaítear nuair a bhíonn feall nó briseadh rialach déanta ag an bhfoireann eile

free kick

(soccer) a place kick that is allowed for a foul or infringement by the other team

00138078 n tadhall

sceiteadh beag; teagmháil éadrom

kiss

a light glancing touch

00138221 n póg, póigín, flaspóg

teagmháil ghrámhar a dhéantar leis na beola

kiss, buss, osculation

the act of caressing with the lips (or an instance thereof)

00138599 n flaspóg, smeach

póg dhíograiseach

smack, smooch

an enthusiastic kiss

00133875 n fáiméad

póg gháifeach

smacker

a loud kiss

00138799 n póg Fhrancach

póg bhéaloscailte ina mbíonn do theanga ionsáite i mbéal an duine eile

soul kiss, deep kiss, French kiss

an openmouthed kiss in which your tongue is inserted into the other’s mouth

00138956 n greim, gabháil, breith, sciobadh, snap, áladh, snapadh, amas

rud a ghabháil sna lámha

catch, grab, snatch, snap

the act of catching an object with the hands

00140112 n athphreab

seilbh a fháil ar an gcispheil a phreabann ar ais tar éis iarracht amú

rebound

the act of securing possession of the rebounding basketball after a missed shot

00140652 n láfairt, láimhdeachas, láimhsiú, glacaireacht, ionramháil, iongabháil, oibriú

baint do rud leis na lámha (nó cumas agus scil na láimhe a úsáid), nó rud a láimhseáil ar bhealach meicniúil

handling, manipulation

the action of touching with the hands (or the skillful use of the hands) or by the use of mechanical means

00140900 n laidhrínteacht, méarú, pricínteacht, méaraíocht, méirínteacht

baint do rud leis na méara

fingering

touching something with the fingers

00141176 n iniúchadh

grinnscrúdú nó athbhreithniú críochnúil a dhéantar ar bhail nó ar chás éigin

audit

a methodical examination or review of a condition or situation

00141396 n scrúdú iarbháis, corpdhioscadh, uatóipse

scrúdú agus dioscadh a dhéantar ar mharbhán chun cúis an bháis, nó éifeachtaí galair, a fháil amach

autopsy, necropsy, postmortem, post-mortem, PM, postmortem examination, post-mortem examination

an examination and dissection of a dead body to determine cause of death or the changes produced by disease

00142140 n mearscrúdú, spotseiceáil

seiceáil randamach agus gan coinne a dhéantar ar fheidhmíocht oibre nó ar chaighdeán táirgí

spot check

a check on work performance or product quality made at random times without warning

00142361 n scrúdú dochtúra

scrúdú sláinte a dhéantar go críochnúil; lena n-áirítear roinnt tástálacha éagsúla ag brath ar aois, ar inscne agus ar shláinte an duine

checkup, medical checkup, medical examination, medical exam, medical, health check

a thorough physical examination; includes a variety of tests depending on the age and sex and health of the person

00142665 n cóimheas

scrúdú a dhéantar chun fáil amach faoi na cosúlachtaí agus faoi na héagsúlachtaí atá idir dhá rud

comparison, comparing

the act of examining resemblances

00143251 n athscrúdú

scrúdú dá éis a dhéantar chun monatóireacht a dhéanamh ar chóir leighis curtha ar an duine níos luaithe

follow-up, followup, reexamination, review

a subsequent examination of a patient for the purpose of monitoring earlier treatment

00143626 n súil reatha

mearscrúdú a dhéanamh ar dhuine nó ar rud

once-over, look-over

a swift cursory examination or inspection

00144445 n dinglis, cigilt, drithle

fonn gáire a chur ar dhuine nuair a chuimlítear a chraiceann go héadrom leis na méara, le cleite agus mar sin de le tochas beag a chur air

tickle, tickling, titillation

the act of tickling

00144632 n cuimilt, bláthnú

lámh a chur ar dhuine nó ar rud le tadhall éadrom

stroke, stroking

a light touch with the hands

Freagra